Course Details

Course Code(s):
MAGAEITFAD/MAGAEITPAD
Intake:
Autumn/Fall
Course Start Date:
September
Duration:
1 Year FT, 2 Years PT
Award:
Masters
Qualification:
NFQ Level 9 Major Award
Faculty: Arts, Humanities and Social Sciences
Course Type: Taught, Professional/Flexible
Fees: For Information on Fees, see section below.

Contact(s):

Name: Dr. Gordon Ó Riain
Email: gordon.oriain@ul.ie Telephone: +353 (0) 61 202365

Apply Now

Read instructions on how to apply

Express Interest

Register your interest here for more information or to be notified when applications are open.

Brief Description

Cuirfidh an MA sa Ghaeilge ar do chumas úsáid a bhaint as an nGaeilge ag ard-chaighdeán agus ag ard-leibhéal cruinnis. Ina theannta sin, beidh deis agat ar dhul amach ar réimse leathan ábhar i Léann na Gaeilge.


Ar an gcaoi sin, is cúrsa é seo a dhéanfaidh forbairt ar do scileanna agus a chuirfidh go mór le do thuiscint ar theanga agus ar litríocht na Gaeilge, ó ré na Nua-Ghaeilge Moiche anuas go dtí an lá atá inniu. 


Déanfaidh tú scileanna luachmhara a shealbhú agus a fhorbairt, ar féidir iad a chur i bhfeidhm i réimse leathan comhthéacsanna agus postanna; scileanna taighde, teanga, agus anailíse ina measc. 


Beidh deis agat ar scileanna cumarsáide agus scileanna aistriúcháin a fhorbairt in obair tionscnaimh freisin, agus rogha agat tabhairt faoi thréimhse taithí oibre chun cur leis na deiseanna fostaíochta tar éis na céime. Anuas air sin ar fad, beidh rogha agat tráchtas a scríobh sa scríbhneoireacht chruthaitheach.


Is féidir tabhairt faoin MA go lánaimseartha ar feadh bliana nó go páirtaimseartha ar feadh dhá bhliain.

Bainfidh tú ard-chaighdeán teanga agus ard-leibhéal cruinnis amach. Beidh deis agat ar dhul amach go domhain ar réimse leathan ábhar i Léann na Gaeilge, an Nua-Litríocht, an Béaloideas agus an Eitneagrafíocht, An Ghaeilge agus an Béarla sa 19ú/20ú haois, agus an Nua-Ghaeilge Mhoch agus Léann na Lámhscríbhinní san áireamh.

Déanfar an cúrsa a theagasc i bhfoirm léachtaí, ceardlann, agus seimineár. Leagfar béim ar leith ar mheasúnú leanúnach, mar aon le modheolaíochtaí teagaisc agus foghlama gníomhaí chun idirghníomhaíocht agus foghlaim fhéinstiúrtha a chothú.

 

 

Full-Time

Fómhar

Earrach

Samhradh

  • GA6131 Ard-Scileanna Teanga I (9 ECTS)
  • GA6132 Ard-Scileanna Teanga II (9 ECTS)
  • *Rogha 1: GA6143 Tráchtas (24 ECTS) & GA6133 Taithí Oibre (6 ECTS)
  • GA6141 An Ghaeilge Chlasaiceach & Léann na Lámhscríbhinní (9 ECTS)
  • GA6162 An Béaloideas & an Eitneagrafaíocht (9 ECTS)
  • *Rogha 2: GA6153 Tráchtas (30 ECTS)
  • GA6151 An Nua-Litríocht (9 ECTS)
  • GA6152 An Ghaeilge agus an Béarla sa 19ú/20ú haois (9 ECTS)

 

  • GA6161 Scileanna Cumarsáide (3 ECTS)
  • GA6142 Scileanna Aistriúcháin (3 ECTS)

 

*Ba cheart do mhic léinn rogha amháin as an dá rogha seo a bheith acu sa Samhradh.
* Beidh deis ann i gcásanna eisceachtúla imeacht ón gclár MA agus Dioplóma Iarchéime ag duine (in ionad MA) (60 creidiúint; gan 30 creidiúint an tSamhraidh).

Part-Time

Bliain 1 - Fómhar

Earrach

Samhradh

  • GA6131 Ard-Scileanna Teanga I (9 ECTS)
  • GA6152 An Ghaeilge agus an Béarla sa 19ú/20ú haois (9 ECTS)

 

  • GA6141 An Ghaeilge Chlasaiceach & Léann na Lámhscríbhinní (9 ECTS)

 

  •  GA6162 An Béaloideas & an Eitneagrafaíocht (9 ECTS)

 

  • GA6161 Scileanna Cumarsáide (3 ECTS)

 

 

Bliain 2 - Fómhar

Earrach

Samhradh

  • GA6151 An Nua-Litríocht (9 ECTS)
  • GA6132 Ard-Scileanna Teanga II (9 ECTS)
  • GA6142 Scileanna Aistriúcháin (3 ECTS)
  • *Rogha 1: GA6143 Tráchtas (24 ECTS) & GA6133 Taithí Oibre (6 ECTS)
  • *Rogha 2: GA6153 Tráchtas (30 ECTS)

* Beidh obair ar an tráchtas mar chuid lárnach den dara bliain.
*Ba cheart do mhic léinn rogha amháin as an dá rogha seo a bheith acu sa Samhradh. Is féidir rogha a dhéanamh tabhairt faoi GA6133 i Samhradh Bhliain 1 a fhad is nach ndéanfar an modúl ach aon bhliain amháin. 

Is féidr teacht ar eolas faoi na modúil aonair ach cuardach a dhéanamh i Leabhar na Modúl

Onóracha den dara grad (2:2) i mbunchéim sa Ghaeilge nó i réimse gaolmhar (m. sh. an Stair, Teangacha, ábhair eile sna daonnachtaí), nó cáilíocht aitheanta (Bunchéim: Leibhéal 8 de réir Údarás Náisiúnta Cáilíochtaí na hÉireann).*
Caighdeán B2.2 sa Ghaeilge de réir Chomhchreat Eorpach na dTeangacha.*

*Mura mbeidh bunchéim ag duine in ábhar gaolmhar, nó cruthúnas ar an leibhéal teanga, is féidir cur isteach ar an MA go fóill ach dul faoi agallamh ar dtús le fáil amach an bhfuil leibhéal cumais ag an iarrathóir chun tabhairt faoin gcúrsa.

Le cur isteach ar an gcúrsa, ba cheart an t-eolas thíos a chur ar fáil leis an iarratas:

  • Tras-scríbhinní ollscoile agus cáilíochtaí
  • Fianaise ar leibhéal B2.2 sa Ghaeilge
  • Cóip den teastas breithe nó den phas
  • Teistiméireacht 

 

Full Time:

EU - €6,802 

Non- EU - €16,902

Part Time:

EU - €3,582 per annum

Non- EU - €9,092 per annum

Further information on fees and payment of fees is available from the Student Fees Office website. All fee related queries should be directed to the Student Fees Office (Phone: +353 61 213 007 or email student.fees.office@ul.ie.)

 

Please click here for information on funding and scholarships.

Próifíl na gcéimithe

  • Ard-chaighdeán agus ard-leibhéal cruinnis sa Ghaeilge (leibhéal C1 de réir Chomhchreat Eorpach na dTeangacha ar a laghad)
  • Tuiscint agus eolas domhain ar theanga agus ar litríocht na Gaeilge, ó ré na Nua-Ghaeilge Moiche anuas go dtí an lá atá inniu. 
  • Scileanna inaistrithe taighde, teanga, agus anailíse
  • Scileanna cumarsáide agus scileanna aistriúcháin in obair tionscnaimh
  • Foghlaim féin-stiúrtha, bainistíocht ama agus taighde, agus taighde neamhspleách
  • Scileanna ag éirí as an tréimhse taithí oibre (rogha)
  • Scríbhneoireacht chruthaitheach (rogha)

Beidh deis ag mic léinn cur isteach ar réimse leathan post i réimse in earnáil na Gaeilge agus in earnálacha eile, mar shampla an fhoilsitheoireacht, an iriseoireacht agus na meáin, an t-aistriúchan, eagraíochtaí Gaeilge, eagraíochtaí stáit, eagraíochtaí cultúir, pleanáil teanga, an státsheirbhís,  an t-oideachas, oideachas ag an tríú leibhéal, nó a thuilleadh taighde a dhéanamh ag leibhéal na dochtúireachta. 

Cruinneas agus cumas anailíse cuid de na cáiliíochtaí is mó atá ag teastáil chun cur isteach ar dheiseanna fostaíochta i saol an lae inniu (féach https://bit.ly/2Ov632w (Gaeilge san AE: an cruinneas ‘an cháilíocht is mó atá ann’ Irish Times 2 Nollaig 2019) & https://bit.ly/30NuY4q & https://bit.ly/30KUNSx) (‘One in five recruits to civil service to be proficient in Irish’, Irish Times 7 Deireadh Fómhair 2020).

Image

Jennifer Ryan, Rinne mé staidéar ar an Dlí agus Gaeilge in Ollscoil Luimnigh don bhunchéim. Tá Rannóg na Gaeilge in Ollscoil Luimnigh iontach fáilteach agus tacúil. Mhothaigh mé i gcónaí go raibh mé ábalta dul chuig na léachtóirí le haon cheist a bhí agam. 

Bhí an cultúr a chothaigh Rannóg na Gaeilge in Ollscoil Luimnigh lárnach i mo rogha chun leanúint le mo chuid staidéir agus an Mháistreacht sa Ghaeilge a dhéanamh in Ollscoil Luimnigh. Is cúrsa den chéad scoth é seo a ligeann duit do scileanna proifisiúnta acadúla agus do scileanna pearsanta a fhorbairt. Neartaigh an cúrsa seo na scileanna a d’fhorbair mé sa bhunchéim ach chuir sé gné nua phroifisiúnta leo. Pléimid rudaí shuimiúil sa rang, bíonn cur i láthair agus físeáin le déanamh againn taobh le haistí agus scrúduithe traidisiúnta.  

Tá taobh sóisialta deas leis an Máistreacht chomh maith. Le linn an chéad seimeastair chuaigh an rang Máistreachta síos go Gaeltacht Chorca Dhuibhne go dtí an An Fhéile Bheag Filíochta. Bhí sé seo iontach chun beocht agus comhthéacs a chuir leis an méid a bhí á fhoghlaim againn sa seomra ranga. Tá fócas lárnach ar an bhfostaíocht sa Mháistreacht agus tá deiseanna ar fáil do gach mac léinn tréimhse taithí oibre a dhéanamh. 

Má tá suim agat sa Ghaeilge agus tá tú ag smaoineamh ar an Máistreacht seo a dhéanamh, déan é! Tá rud ar an gcúrsa seo do gach duine; ón nGaeilge Chlasaiceach go dtí an Nua Litríocht, ón mBéaloideas go polaitíocht na teanga.  

Image

Ray Ó Maoldomhnaigh, Tógfaidh an MA sa Ghaeilge thú ar thuras.  Gach seans go bhfuil an turas sin tosaithe agat cheana féin trí chúrsaí léinn nó b’fhéidir gur mheall do dhúil sa Gaeilge thú na cúrsaí seo a fhiosrú. Pé rud é, nochtfaidh an cúrsa seo domhan nua, bríomhar, tarraingteach, domhan nach raibh i bhfolach ar fad ort, ach nach raibh soiléir duit go dtí seo ach an oiread. 

Ag tús an chúrsa seo, seasfaidh tú ar thairseach, áit a ngríosófar thú chun a bheith caidéiseach agus criticiúil insan domhan sin atá amach romhat. Cífidh tú agus buailfidh tú le daoine a mhair in Éirinn na céadta bliain ó shin agus gheobhaidh tú deis saol na ndaoine sin a iniúchadh ó na foinsí atá inár seilbh againn, agus beidh saoithe a bhfuil tuiscint ghrinn acu ar an domhan sin ann chun tú a stiúradh agus a spreagadh ar an turas sin.    

Tríd an staidéar seo, cífidh tú do thimpeallacht le súile eile; le treoir ó dhaoine atá ar an eolas ar logainmneacha ársa, filíocht agus fiannaíocht, rudaí a chruthaigh dul chun cinn ar shochaí na hÉireann ón Nua-aois Luath amach; béaloideas a chaomhnaigh ár dteanga, ár nósanna agus ár gcultúr;  litríocht  na Gaeilge agus Gaeilge Nua-aimseartha a léiríonn go bhfuil an teanga ársa seo, ní amháin ina beathaigh ach í lán de shaibhreas agus ábharthacht sa lá atá inniu ann. Cothófar do dhíograis agus do chuid fuinnimh ionas go mbainfidh tú tuiscint mhaith amach ar an dteanga a labhraíodh fadó fadó agus a labhraítear fós in Éirinn agus san Aontas Eorpach inniu. Beidh tú in ann a bheith páirteach sna comhráite sin uilig.

Image

Margaret Mc Carthy, Thosaigh mé ar an MA i Meán Fhómhair 2021. D’éirigh mé as mo phost an bhliain roimhe sin. Bhí grá agam don Ghaeilge i gcónaí agus anois an t-am agam luí isteach ar an saol Gaelach.

Bhí cineál eagla orm go mbeadh sé rídheacair domsa. Le téarma amháin istigh agam anois, tá scóip orm gur éirigh liom go sármhaith. Is breá liom bheith sáite sa saol agus sa chultúr Gaelach.

Tá eagrú an chúrsa ar fheabhas.  Tá na léachtóirí proifisiúnta agus an-díograiseach.

Bainim sult as áilleacht an champais agus tairbhe as na hacmhainní iontacha mar shampla an leabharlann.

Tá mé an-ríméadach asam féin agus ag tnúth leis an téarma nua.