Gaeilge
NFQ Level 8 major Award Honours Bachelor Degree
Entry Route: Bachelor of Arts - LM002
Tel: 00 353 61 202015
Queries: www.ul.ie/admissions-askus
Is féidir an Ghaeilge a dhéanamh mar chomhábhar sa Chéim sna Dána in Ollscoil Luimnigh. Is féidir féachaint ar na hábhair ar féidir iad a dhéanamh leis an nGaeilge sa léaráid.
Mar gheall ortsa:
Is duine tú ar breá leat an Ghaeilge agus a bhfuil suim mhór agat sa chultúr Gaelach. Tá fonn mór ort forbairt a dhéanamh ar do chumas teanga sa Ghaeilge agus ba mhaith leat go mbeadh an Ghaeilge mar dhlúthchuid de do shaol pearsanta, cultúrtha agus sóisialta feasta. Is maith leat cúrsaí léitheoireachta agus/nó tá suim mhór agat sa chultúr béil, sa bhéaloideas agus san amhránaíocht, agus tá an- spéis agat i gcás na Gaeilge sa tsochaí chomhaimseartha. Aithníonn tú an tábhacht thar meon a bhaineann le hoidhreacht na Gaeilge i stair na tíre seo agus i sochaí an lae inniu agus is mian leat tuiscint níos fearr a fháil ar an oidhreacht sin agus ar an gcomhthéacs sóisialta agus cultúrtha lena mbaineann sí. Tá meon oscailte agat, tá tú sásta tabhairt faoi smaointe nua, agus tá tú ag tnúth leis an spreagadh intleachtúil a thabharfaidh teanga, cultúr agus litríocht na Gaeilge duit agus leis na tuiscintí nua a bheidh agat ar an gcultúr agus ar an saol dá bharr.
Nóta: Is gá H3, ar a laghad, a bheith agat san Ardteist, nó cáilíocht atá ar comhchéim leis sin, chun an Ghaeilge a bheith agat mar ábhar céime in Ollscoil Luimnigh.
Cad chuige staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge in Ollscoil Luimnigh?
Is féidir staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge mar chuid de réimse leathan cúrsaí in Ollscoil Luimnigh ar a n-áirítear Céim sa Dlí Móide, Céim sna Teangacha Feidhmeacha, Céim sa Léann Eorpach, an Céim san Taibhealaíona (Ceol agus Damhsa), Céim B. Oid. sna Teangacha, Céim sa Chorpoideachas, agus Céim sna Dána. Oibríonn foireann Léann na Gaeilge go dian dícheallach ar son na mac léinn agus bímid ann chun tacú libh ar bhóthar na foghlama. Mar gheall ar speisialtóireachtaí na foirne, gheobhaidh tú cúrsa ar leith sa Ghaeilge a bheidh nascaithe le disciplíní móra idirnáisiúnta ar a n-áirítear léann na litríochta, an antraipeolaíocht agus an béaloideas, stair na Gaeilge, an ainmeolaíocht, agus a shuíonn Léann na Gaeilge laistigh de ghluaiseachtaí smaointeoireachta idirnáisiúnta an léinn. Beidh tú ag plé le foireann a thugann faoin múineadh le fonn agus le fuinneamh, a thabharfaidh idir spreagadh agus thacaíocht duit, agus a chuirfidh na fáiltí geala romhat go hOllscoil Luimnigh.
Cad a bheidh faoi staidéar agam?
Mar chuid de do chúrsa Gaeilge, déanfaidh tú staidéar ar ghramadach agus ar chruinneas na Gaeilge (idir scríobh agus labhairt), agus déanfaidh tú staidéar ar an litríocht, ar an gcultúr béil, agus ar an tsochtheangeolaíocht, trína bhforbrófar do scileanna machnaimh, anailíse, agus áitimh. Freastlóidh tú ar ranganna teagaisc a dhíríonn go speisialta ar chúrsaí teanga, ar an ngramadach, ar labhairt na Gaeilge agus ar an aistriúchán; freastlóidh tú ar léachtaí a bhainfidh le réimse leathan ábhar laistigh de Léann na Gaeilge, mar shampla, dírbheathaisnéis na Gaeilge, traidisiún na scéalaíochta, na scéalta gaisce, na seanscéalta iontais, an caoineadh, traidisiún na hamhránaíochta, Nualitríocht na Gaeilge idir phrós agus fhilíocht, litríocht na Gaeilge 17ú haois – 19ú haois, scéalaíocht Chéitinn, an phleanáil teanga, an chanúineolaíocht, an tsochtheangeolaíocht.