Soláthraíonn an tAonad cúrsaí Gaeilge ar leibhéil éagsúla;

  • do phobal an champais; 
  • don phobal ginearálta; 
  • don earnáil phoiblí; 
  • do mhic léinn oideachais (modúl sa Ghaeilge Ghairmiúil); 
  • do mhic léinn ón iasacht (dhá mhodúl ab initio); 
  • do mhic léinn páirt-aimseartha (mar shampla, an Dioplóma sa Ghaeilge Fheidhmeach).

Tá taithí mhaith ag teagascóirí ar a bheith ag plé le foghlaimeoirí fásta na Gaeilge. Dírítear ar straitéisí foghlama teanga go minic sna ranganna: straitéisí chun déileáil leis an mbrú a bhaineann le hearráidí teanga a dhéanamh: le deacrachtaí soiléireachta; leis an léamh amach os ard; le húsáid na Gaeilge sa phobal; agus mar sin de.  Moltar d’fhoghlaimeoirí machnamh leanúnach a dhéanamh ar an dul chun cinn a dhéanann siad agus leagtar an bhéim i gcónaí ar an bhféinmhisniú.