sé mar aidhm ag an modúl seo dea-chleachtais oideolaíochta mar aon le sain-inniúlachtaí teanga an ábhair oide / an mhúinteora do shuíomh an tumoideachais in Éirinn a chothú.

Mic Léinn Ionchasacha 

Is do mhúinteoirí cáilithe agus do mhic léinn oideachais ar spéis leo a gcuid ábhar teagaisc, .i. Corpoideachas, Ceol, Teicneolaíocht srl. a theagasc trí mheán na Gaeilge sa chomhthéacs tumoideachais, .i. Gaelcholáiste, Aonad Lán-Ghaeilge nó Scoil Ghaeltachta é an modúl seo.

Ábhar an Chláir 

Forbrófar na scileanna teanga atá de dhíth ar mhúinteoirí tumoideachais le feidhmiú go héifeachtach agus go muiníneach sa suíomh lán-Ghaeilge / Gaeltachta agus ullmhófar mic léinn d’agallaimh trí Ghaeilge agus don Teastas sa Ghaeilge do Mhuinteoirí Iar-bhunscoile go háirithe. Thairis sin, forbrófar saineolas oideolaíochta na mac léinn leis an teanga a chomhtháthú leis an ábhar acadúil sa seomra ranga iar-bhunleibhéil.

Soláthair an Mhodúil

Beidh sé de rogha ag mic léinn an modúl seo a dhéanamh ar líne i seimeastar an Fhómhair nó ar láthair na hOllscoile i seimeastar an Earraigh. Tionólfar ceardlanna an mhodúil tráthnónta Dé Céadaoin.

Riachtanais Iontrála 

Déanfar an modúl a theagasc trí Ghaeilge. Iarrfar ar mhic léinn a bheith cinnte go bhfuil scileanna maithe teanga acu sa Ghaeilge. Go hidéalach, beidh an rannpháirtí i ndiaidh freastal ar scoil lán-Ghaeilge / Gaeltachta nó beidh H1, H2, nó H3 i nGaeilge na hArdteistiméireachta bainte amach acu.

Measúnú 

Iarrfar ar mhic léinn e-portfóilió teanga ‘s teagaisc a fhorbairt. Thairis sin, rachaidh mic léinn faoi bhréag- agallaimh d’fholúntais mhúinteoireachta in earnáil an tumoideachais. Ní bheidh aon scrúdú scríofa ag deireadh an tseimeastair. Déanfar an modúl a ghrádáil ar bhonn pas / teip.

An Chomhairle Mhúinteoireachta 

Comhlíonann an modúl seo Rogha 2, .i. bloc amháin coicíse, de chritéir cháilitheachta ábhair na Comhairle Múinteoireachta mar a bhaineann le Taithí Thumoideachais don Ghaeilge. (Tá an socrú seo faoi réir choinníollacha reatha na Comhairle Múinteoireachta).

Táillí agus Clárúchán 

Caithfidh mic léinn reatha de chuid na hOllscoile foirm i ndáil le modúl breise a chomhlíonadh chun clárú don mhodúl seo. Moltar do mhic léinn oideachais in institiúidí tríú leibhéal eile agus do mhúinteoirí cáilithe teagmháil a dhéanamh le Ciara Considine.

Sonraí Teagmhála 

Ciara Considine
Oifigeach Margaíochta / Riarthóir Feidhmiúcháin Aonad na Gaeilge.
Guthán: 061 234754
Ríomhphost: ciara.considine@ul.ie

Mic léinn oideachais, ábhar oidí agus múinteoirí meánscoile a bhfuil spéis acu cur isteach ar phost le Gaeilge mar riachtanas. Thacódh an modúl seo leis an té atá díreach tosaithe amach mar mhúinteoir in earnáil na Gaelscolaíochta chomh maith.

Beidh gach deis agat cur le do chumas sa Ghaeilge agus le do chuid eolais ar acmhainní do pé sainábhar teagaisc atá agat. Gheobhaidh tú seans cur amach a fháil ar oideachas dátheangach agus ar earnáil na Gaelscolaíochta go ginearálta. Treiseofar do CV agus cabhrófar leat chun an t-ullmhúchán cuí a dhéanamhd’agallaimh trí mheán na Gaeilge. Beidh deis agat cur le do ghréasán teagmhálacha proifisiúnta sa cheantar. Beidh tú ullamh chun tabhairt faoinTeastas sa Ghaeilge do

Mhúinteoirí Iarbhunscoile [scrúdú cainte na Roinne Oideachais) riachtanas dóibh siúd a bhfuil spéis acu post a fháil sa Ghaeltacht nó in earnáil na Gaelscolaíochta.

Déanfar an modúl a theagasc trí Ghaeilge. Beidh ort a bheith cinnte mar sin go bhfuil scileanna maithe éisteachta agat. Breathnaigh ar an nasc thíos. An dtuigeann tú a bhfuil ag dul ar aghaidh ansin?!

https://ceacht.ie/content/caidrimh-sa-scoil-múinteoir

Go hidealach, beidh tú i ndiaidh freastal ar Ghaelscoil nó beidh H1/H2 (A nó B1) Ardteistiméireachta agat. Chuirfeadh teagmháil leis an teanga ó d’fhag tú an mheánscoil leis an rath ort sa mhodúl. Cuimhnigh nach dtógfaidh sé mórán ama ort cumas ard a bhaint amach arís má bhí sin agat tráth, áfach.

Beidh tábhacht le cruinneas teanga sa dearadh a bheidh le déanamh agat ar acmhainní teagaisc agus foghlama ach beidh deis agat obair air sin sna ceardlanna teanga.

Beidh na ceardlanna ar siúl tráthnóna Dé Céadaoine idir 18.00-21.00 le sos 30 nóiméad san áireamh.

Is mar seo a leanas a leagtar amach iad i Leabhrán na Modúl, Ollscoil Luimnigh

Eolas agus scileanna a thabhairt do mhic léinn a mhúinfidh ábhair phraiticiúla trí mheán na Gaeilge mar chéad nó mar dhara teanga.

Cumas teanga a fhorbairt i réimsí a mbaineann leis an saol scoile .i. bainisteoireacht ranga, caidreamh le múinteoirí eile agus le tuismitheoirí agus mar sin de.

Cur leis an mbonn sonraí d'iarchéimithe atá inniúil ar mhúineadh trí Ghaeilge, lena chur chomh mór agus is féidir é le hinfhostaíocht na gcéimithe agus le freastal ar riachtanais fhoirne na scoileanna lánGhaelacha.

Beidh an mac léinn in ann leagan Gaeilge de curriculum vitae a dhréachtadh agus leagan Gaeilge d'fhoirm iarratais ar phost mar mhúinteoir a chomhlíonadh

Beidh an mac léinn in ann plean ceachta agus acmhainní dá (h)ábhar a dhearadh agus a eagrú

Beidh an mac léinn in ann fiúntas acmhainní Gaeilge dá (h)ábhar a mheas

Beidh an mac léinn in ann buntáiste na Gaeilge don iarratasóir ar phost múinteoireachta a thuiscint agus plean struchtúrtha don bhfoghlaim fhéinriartha a leagadh amach do bhliain dheireanach na céime

Beidh an mac léinn ullamh do chur i láthair éifeachtach a dhéanamh ag bréagagallamh do phost mar mhúinteoir in earnáil na Gaelscolaíochta

Beidh an mac léinn in ann cumas a léiriú i réimsí teanga a mbaineann leis an saol scoile agus le téarmaíocht siollabas

Braitheann seo ar do chuid scileanna reatha sa Ghaeilge. Beidh ort freastal ar cheardlanna a mhaireann 3 u/chloig gach seachtain. Níor cheart go dtógfadh tograí agus cleachtaí teanga níos mó ná dhá u/chloig breise ort sa tseachtain.

Measúnú leanúnach a bheidh i gceist. Beidh tograí, cur i láthair, dialann foghlama agus gníomhaíochtaí tascbhunaithe i gceist ach go háirithe. Ní bheidh aon scrúdú scríofa i gceist ag deireadh an tseimeastair.

Déanfar scileanna cainte a mheas ag deireadh an mhodúil. Bréagagallamh do phost a bhí i gceist blianata eile. Tugtar sonraí tascanna samplacha thíos mar eolas amháin

TASC 1: BRÉAGAGALLAMH [Scrúdú cainte]

Tá folúntas ag Gaelcholáiste Luimnigh, Bord Oideachais & Oiliúna Luimnigh & an Chláir (ETB) do mhúinteoir le d’ábhair. Déan an réamhullmhúchán cuí do bhréagagallamh leis an mbainistíocht scoile.
Dréachtaigh gairmré (cv) agus litir iarratais a léiríonn d’oiriúntacht don phost seo. Tá eolas faoin scoil ag http://www.gcluimnigh.ie/

Caithfear an litir agus an cv a sheoladh ar an r-phost go teagascóir an mhodúil roimh ........

Mairfidh an t-agallamh 10 nóiméad. Díreofar ar do litir iarratais agus ar do ghairmré ach go háirithe.

TASC 2: MÍR TEAGAISC:

Beidh cur i láthair/togra gearr le déanamh ag mic léinn freisin e.g. mír phraiticiúil de phlean ceachta a bhaineann lena (h)ábhar a chur i láthair an ghrúpa trí Ghaeilge.

Déanfar an modúl a ghrádáil ar bhonn pas/teip. Gheobhaidh tú tras-scríbhinn oifigiúil ón Ollscoil mar fhianaise gur bhain tú spriocanna an mhodúil amach.

€300, an táille don mhodúl in-naisc, d’iarratasóirí. Ní ghearrtar táillí ar mhic léinn an oideachais in Ollscoil Luimnigh.