Tá an cur chuige taighde níos foirmeálta anois ná mar a bhí sna blianta tosaigh. Is spéis linn díriú ar an teoiric acadúil ar mhaithe le súil eile a fháil ar ár gcleachtas praiticiúil ag tacú le foghlaimeoirí a bheith ina n-úsáideoirí teanga seachas ina bhfoghlaimeoirí amháin. 

Dírítear sa taighde ar an gcomhairleoireacht teanga agus ar an bhfráma nó infreastructúr teanga a bhíonn de dhíth ar an nGaeilge mar mhionteanga. Aontaíodh plean struchtúrtha córasach don taighde gníomhaíochta, agus don taighde gníomhaíochta rannpháirtíochta ach go háirithe le déanaí. 

Struchtúr eile a thacaíonn leis an taighde ar an nGaeilge agus leis an taighde trí mheán na Gaeilge in Ollscoil Luimnigh ná Coiste na Gaeilge. Déanann Aonad na Gaeilge comhordaitheoireacht ar imeachtaí an Choiste. Is é an Cathaoirleach reatha ná An tOllamh Billy O’ Connor, Scoil Leighis Iontrála Iarchéime agus tá ionadaithe ó na dámha acadúla éagsúla Ollscoile ar an gCoiste chomh maith. Is ar mhodheolaíochtaí taighde agus ar uirlisí taighde don rannpháirtíocht phobail is mó a dhíríonn straitéis taighde Choiste na Gaeilge i láthair na huaire.

Is ball de Mheitheal Oibre 8 den ngréasán taighdeoirí Eorpacha dar teideal New Speakers in a Multilingual Europe: Opportunities and Challenges,  faoi scáth na heagraíochta COST (European Co-operation in Science and Technology), í an Dr. Deirdre Ní Loingsigh, Stiúrthóir na Gaeilge. Is spéis le baill na Meithle Oibre seo na turais teanga ag nuachainteoirí agus spásanna sóisialaithe teanga.