Clinicí Teanga

Seisiún 30 nóiméad le Comhairleoir Teanga

Cuir ríomhphost chuig ciara.considine@ul.ie 

  • Aon duine atá ag foghlaim Gaeilge
  • Aon duine atá ag iarraidh foghlaim níos éifeachtaí a dhéanamh
  • Aon duine atá ag streachailt le gné ar leith den teanga

Ní chaithfidh! If you are more comfortable using English talking about your language learning journey, then English it is!
if you are nervous coming on your own, tabhair cara leat! 
Tá na seisiúin faoi rún. 

Labhróidh tú leis an gComhairleoir Teanga faoi do thaithí ag foghlaim Gaeilge agus faoi na dúshláin agus na haidhmeanna ar leith atá agat. Tiocfaidh sibh ar phlean le chéile a chabhróidh leat freagracht a ghlacadh as do thuras foghlama féin agus a thabharfaidh spreagadh duit. Braithfidh tú níos muiníní faoi cad atá ar siúl agat agus cad is féidir leat a dhéanamh chun cabhrú leat féin. 

  • Cabhair le deacrachtaí ar leith
  • Eolas faoi acmhainní foghlama agus conas úsáid éifeachtach a bhaint astu
  • Pleanáil don fhoghlaim neamhspleách
  • Bainistiú éifeachtach ama
  • Spreagadh agus tacaíocht