An Chóitseáil Teanga san Ionad Oibre [GA6172]

Creat Náisiúnta Cáilíochtaí (CNC) Leibhéal 9

(12 seachtaine, páirtaimseartha, ar líne)

Osradharc

Dearadh an modúl micri-dhintiúr seo chun tacú le cruthú ról an Chóitseálaithe Teanga, cleachtóir nua, in Éirinn. Beidh baint ag an duine profisiúnta seo i soláthar na tacaíochta teanga foirmeálta don Ghaeilge nó don Bhéarla (mar Dhara nó mar Theanga Eile) ar an láthair oibre. Tacaíonn an Cóitseálaí leis an bpróiseas foghlama teanga agus pléitear le straitéisí chun dul i ngleic leis an mbuairt aigne a bhaineann go minic le teanga, nach í an chéad teanga í, a húsáid sa chomhthéacs proifisiúnta.

Má sholáthraítear deiseanna do bhaill foirne chun leas  a bhaint as scéimeanna cóitseála teanga, cuirfear le praiticiúlacht agus le hinmharthanacht an phróisis fhoghlama teanga agus neartófar an fheasacht teanga i gcultúr na heagraíochta dá réir.

Cé a roghnódh dul leis an modúl seo?

Bheadh an modúl seo oiriúnach do dhaoine a bhfuil spéis acu tabhairt faoin bhforbairt ghairmiúil ar mhaithe le ceannaireacht

a dhéanamh ar dhearadh thograí tacaíochta teanga sa chomhthéacs proifisiúnta. I gcás na Gaeilge, táthar ag súil leis go mbeidh spéis ag iarrthóirí tacú leis an nGaeilge mar theanga oifigiúil agus mar theanga bheo sa láthair oibre.

Cén fáth?

Nuair a bheidh an modúl seo críochnaithe go rathúil, beidh an rannpháirtí inniúil chun dul i gcomhairle le foghlaimeoir teanga, nó le grúpa d’fhoghlaimeoirí, maidir le plean forbartha gairmiúla agus feabhsaithe teanga don ionad oibre a dhréachtadh agus a mheas.

Cén t-ábhar?

I measc na dtéamaí a chlúdófar, tá: An Chomhairleoireacht i bhFoghlaim Teanga; scileanna an Chóitseálaithe Teanga, an cleachtas machnamhach, timpeallachtaí foghlama dearfacha, agus an cheannaireacht agus an abhcóideacht teanga. Is féidir le rannpháirtithe an cinneadh a dhéanamh chun dul leis an gcóitseáil teanga sa Ghaeilge nó sa Bhéarla (ESL/ESOL).

Cathain?

Cuirfear tús leis an gcúrsa 12 seachtaine seo ar líne ag deireadh mhí Eanáir 2024. Tionólfar seisiún eolais agus oiliúna do rannpháirtithe ar an gcampas, Dé Sathairn 27 Eanáir 2024 (le rogha a bheith istigh air sin ar líne).

Is é an dáta deiridh d’iarratais ná 14 Eanáir 2024. Tá gach eolas maidir le hábhar an chúrsa, réamhriachtanais iontrála agus táillí ar fáil ar ghréasán na hOllscoile www.ul.ie/gps

Teagmhálacha
An Dr. Deirdre Ní Loingsigh (Comhordaitheoir) Stiúrthóir na Gaeilge, Aonad na Gaeilge,Scoil na Gaeilge, an Bhéarla, agus na Cumarsáide
deirdre.niloingsigh@ul.ie

An Dr. Catherine Martin, Scoil na Nua-Theangacha & na Teangeolaíochta Feidhmí
catherine.martin@ul.ie