Is cúrsa fochéime, páirtaimseartha, dhá bhliain é an Dioplóma seo (NFQ Leibhéal 7). Bíonn sé ar siúl gach Céadaoin ar champas na hollscoile. Cuirfear tús leis an gcúrsa arís Meán Fómhair 2024. Beidh an cúrsa seo oiriúnach do dhuine ar bith a bhfuil caighdeán réasúnta maith Gaeilge aige nó aici cheana féin.

Is cúrsa páirtaimseartha é seo do dhaoine ar mhian leo a gcuid scileanna teanga a fhorbairt, oiliúint phroifisiúnta sa Ghaeilge a fháil, léargas a fháil ar an nGaeilge sa saol comhaimseartha agus cáilíocht fhoirmeálta sa Ghaeilge a bhaint amach.  

Is cúrsa praiticiúil é. Cuirtear le feasacht an mhic léinn ar cheisteanna a bhaineann leis an nGaeilge chomhaimseartha, go cultúrtha, go sóisialta, go polaitiúil agus go sochtheangeolaíoch.  Déantar scileanna teanga na mac léinn a fheabhsú agus a fhorbairt ionas go mbíonn siad in ann a saol proifisiúnta agus pearsanta a láimhseáil go héifeachtach trí mheán na Gaeilge. 

Faigheann an rannpháirtí léargas ar staid na teanga sa lá atá inniu ann: an Ghaeilge sna meáin chumarsáide; an ghearrscannánaíocht; litríocht chomhaimseartha na Gaeilge idir fhilíocht agus phrós; gnéithe sochtheangeolaíocha na teanga, agus an comhthéacs Gaeltachta. Breathnaítear ar na gluaiseachtaí nua-aimseartha cultúrtha Gaeilge: TG4, agus an Ghaeilge ar líne ach go háirithe.  Déantar iniúchadh ar na hábhair seo trí phlé agus trí dhíospóireacht  faoi stiúir an teagascóra i gceardlanna idirghníomhacha. 

Cuirtear tús leis an gcúrsa i Mí Mheán Fómhair. Tionóltar an cúrsa ar an gcampas tráthnóna amháin sa tseachtain thar dhá bhliain acadúla (Dé Céadaoin 18:30-21:30). Bíonn dualgas ar an mac léinn freastal ar chúrsa amháin deireadh seachtaine sa Ghaeltacht in aghaidh an tseimeastair chomh maith. Eagraítear aoi-léacht amháin, ar ghné éigin den chultúr Gaelach comhaimseartha, sa bhreis ar an sceideal seo gach téarma chomh maith. 

Beidh an cúrsa oiriúnach d’éinne a bhfuil suim aige sa teanga agus sa chultúr comhaimseartha Gaelach agus gur mhian leis cáilíocht fhoirmeálta Ollscoile a bhaint amach sa teanga. 

I gcomhthéacs na hoiliúna proifisiúnta, beidh an cúrsa seo oiriúnach do dhaoine atá ag obair leis na húdaráis áitiúla, na ranna rialtais áitiúla, na coláistí tríú leibhéal, agus do dhaoine atá ag obair san earnáil phoiblí go ginearálta. Ag deireadh an chúrsa, beidh rannpháirtithe an chúrsa in ann freastal ar phobal na Gaeilge sa chomhthéacs oibre agus beidh scileanna cumarsáide ginearálta éifeachtacha sa teanga acu. 

Sceideal an Chúrsa

Cuirfear tús leis an gcéad chúrsa eile Meán Fómhair 2024. Tionólfar an cúrsa uair sa tseachtain thar dhá bhliain acadúla (Dé Céadaoin 18:30-21:30). Bíonn dualgas ar an mac léinn freastal ar chúrsa amháin deireadh seachtaine sa Ghaeltacht in aghaidh an tseimeastair chomh maith. Eagraítear aoi-léacht amháin, ar ghné éigin den chultúr Gaelach comhaimseartha, sa bhreis ar an sceideal seo gach téarma chomh maith. 

  • GA3031: An Ghaeilge sa Chleachtas Gairmiúil 1 (6 ECTS)
  • GA3041: An Fhilíocht Chomhaimseartha (6 ECTS)
  • GA3051: Log Foghlama 1 (6 ECTS)
  • GA3042: An Ghaeilge sa Chleachtas Gairmiúil 2 (6 ECTS)
  • GA3052: An Traidisiún Béil (6 ECTS)
  • GA3062: Log Foghlama 2 (3 ECTS)
  • GA3023: An Cleachtas Dátheangach (6 ECTS)
  • GA3033: Scríbhneoireacht & Scileanna an Léinn (6 ECTS)
  • GA3043: Log Foghlama 3 (3 ECTS)
  • GA3044: Scríbhneoirí Comhaimseartha na Gaeilge & an Pobal Léitheoireachta
  • ​GA3054: Saibhriú Teanga: Comhthéacsanna Cumarsáide (6 ECTS) 
  • GA3064: Log Foghlama 4 (3 ECTS)

Modúil an Chúrsa

SPRIOCANNA FOGHLAMA: Is í an aidhm atá leis an modúl seo ná téama na Gaeilge feidhmí sa suíomh oibre a chur i láthair na mac léinn agus dianchúrsa teanga a chur ar fáil chun a scileanna teanga sna réimsí ábhar a bhaineann leis an gcomhthéacs oibre agus leis an gcleachtas gairmiúil a fhorbairt.  

SIOLLABAS: An Ghaeilge don chleachtas proifisiúnta; ag bualadh le daoine; ag caint faoin saol oibre; ag caint faoi do phost féin; ag cur síos ar an suíomh oibre agus ar choinníollacha oibre; ag eagrú sceideal oibre; ag déileáil le garanna agus iarratas; ag iarraidh garanna agus ag déanamh iarratas; bainistíocht ama; ag déileáil le gearáin; ag déanamh gearán; scríobh na Gaeilge – comhfhreagras scríofa, litreacha agus r-phostanna;  ainmneacha agus sloinnte Gaeilge; logainmneacha na hÉireann; ag tabhairt orduithe, ag labhairt faoin todhcaí; ag déanamh geallúintí; agus teanga idirbheartaíochta agus argóna. Múintear an ghramadach agus cruinneas na Gaeilge go córasach i gcomhthéacs ábhar an mhodúil.

SPRIOCANNA FOGHLAMA: Is é cuspóir an mhodúil seo ná go mbeidh an mac léinn eolach ar thraidisiún liteartha na Gaeilge agus go bhfaighidh sé tuiscint ar a bhríomhaire is atá na healaíona Gaeilge. Déanfar staidéar ar fhilíocht chomhaimseartha na Gaeilge agus ar na príomhléamha critice a rinneadh ar shaothar na bhfilí sin go dtí seo. Pléifear scéimeanna, tograí agus féilte filíochta sa phobal.  Mar scoláire leis an nGaeilge Fheidhmeach, gheobhaidh sé tuiscint ar luach na filíochta mar acmhainn chun cur le saibhreas teanga agus leis an bhfeasacht chultúrtha. Aidhm eile ná cur le scileanna machnamhacha criticiúla an mhic léinn. Díreofar, mar a dhéantar sa léann liteartha feidhmeach, ar scileanna cumarsáide, ceistiúcháin, léirmheastóireachta, anailíse, agus scileanna eagrúcháin an mhic léinn a thabhairt chun feabhais sna tascanna agus sna gníomhaíochtaí foghlama cumarsáideacha.

SIOLLABAS: Filí na tréimhse 1970 go dtí an lá atá inniu ann;  réabhlóid na filíochta comhaimseartha; stáidéar téamúil ar roinnt saothar filíochta – an óige, an caidreamh idir daoine óga agus daoine lánfhásta, ómós áite, léiriú na Gaeltachta, íomhá na hÉireann, an grá san fhilíocht agus cúrsaí clainne;  ceisteanna cultúrtha sna saothair seo - íomhá na Gaeltachta, an Ghaeltacht agus an Ghalltacht, féiniúlacht áitiúil agus náisiúnta, cúrsaí creidimh agus eile;  an léirmheastóireacht liteartha; an fhilíocht chomhaimseartha in earnáil na meán agus sna meáin shoisialta; cúrsaí oideolaíochta - an fhilíocht mar acmhainn don fhoghlaimeoir teanga;  an fhilíocht sa phobal: tacaíochtaí, tograí agus féilte; réimeanna teanga: scileanna agallaimh/chur i láthair i gcomhthéacs na n-ealaíon. [Iad seo na filí: Máire Mhac an tSaoi; Michael Hartnett; Michael Davitt; Liam Ó Muirthile; Gabriel Rosenstock;  Ailbhe Ní Ghearrbhuigh; Cathal Ó Searcaigh; Caitríona Ní Chléirchín; Nuala Ní Dhomhnaill Rióna Ní Fhrighil; Biddy Jenkinson; Gréagóir Ó Dúill; Colm Breathnach; Louis de Paor; Gearóid Mac Lochlainn. Beidh deis ag mic léinn díriú go mion ar thriúr fhilí]

SPRIOCANNA FOGHLAMA: Is í aidhm an mhodúil seo ná spás ar-líne a chruthú a thabharfaidh deiseanna do fhoghlaimeoirí machnamh a dhéanamh ar a gcuid foghlama agus scileanna staidéir agus ar chur chuigí maidir leis an bhfoghlaim teanga. Cruthóidh an timpeallacht deiseanna do fhoghlaimeoirí a gcuid taithí foghlama a dhoiciméadú trí mhodhanna nuálacha a úsáid atá bunaithe ar dhea-chleachtais i gcás na foghlama teanga. Tabharfaidh an modúl léargais ar na factóirí indibhidiúla atá bainteach le foghlaim an dara teanga, ina gcuirfear béim ar leith ar an bhfoghlaim éifeachtach teanga. Beidh an deis ag an mac léinn próifíliú a dhéanamh air / uirthi féin agus a c(h)uid buanna agus laigí mar fhoghlaimeoir a mheas. Coimeádfaidh mic léinn taifead leanúnach ar a gcuid foghlama agus bainfidh siad leas as cur chuige éifeachtach i gcás na foghlama teanga de réir mar a oireann dá gcuid riachtanas. Tá an modúl deartha sa tslí go bhfreastalaíonn sé ar an bhfoghlaimeoirí mar dhuine aonair le riachtanais ar leith agus beidh sé in oiriúint do fhoghlaimeoirí éagsúla ón bhfoghlaimeoir traidisiúnta teanga go dtí an nuachainteoir dá bhrí sin. Is dlúthchuid den mhodúl an taithí phraiticiúil ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht. 

SIOLLABAS: Ionduchtú agus oiliúint ar Sulis; scileanna staidéir go traidisiúnta agus go féinriartha; ag foghlaim teangacha; an ghné mhothaitheach den fhoghlaim teanga féinphróifíliú; an fhoghlaim éifeachtach teanga; ag aithint agus ag cruthú deiseanna úsáide sa sprioctheanga; ag aithint buanna agus laigí i bpróifíl an fhoghlaimeora; conas glacadh go héifeachtach le haiseolas maidir le botúin chruinnis; tréimhse foghlama sa Ghaeltacht (1). 

SPRIOCANNA FOGHLAMA: Is í an aidhm an mhodúil seo ná forbairt agus daingniú a dhéanamh ar scileanna teanga na mac léinn sna réimsí ábhar a bhaineann leis an gcomhthéacs oibre agus leis an gcleachtas gairmiúil.  Cothófar muinín an mhic léinn as a c(h)umas Gaeilge sa suíomh oibre agus tiocfaidh feabhas ar a c(h)uid scileanna scríofa, labhartha, éisteachta agus léitheoireachta.  Beidh sé ar chumas an mhic léinn cumarsáid éifeachtach a dhéanamh trí mheán na Gaeilge sa suíomh oibre.

SIOLLABAS: Ag labhairt faoi do chleachtas ghairmiúil féin; cur síos ar sheirbhísí agus ar chearta; scríobh litreacha agus r-phostanna; scríobh don ghréasán; scríobh do na meáin shóisialta;  treoracha; logainmneacha na hÉireann; ag labhairt faoi fhéidearachtaí; réiteach fadhbanna; idirbheartaíocht agus argóint; cruinnithe agus bainistíocht ama; bainistíocht togra. Múinfear an ghramadach agus cruinneas i gcomhthéacs. 

SPRIOCANNA FOGHLAMA: Is é cuspóir an mhodúil seo ná go bhfaigheadh an mac léinn léargas ar ábhar, ar fheidhmeanna agus ar shaibhreas an traidisiúin bhéil, agus ar úsáid na Gaeilge i gcomhthéacs na n-ealaíon dúchasach sa lá atá inniu ann.  Táthar ag súil leis go mbeidh cur amach ag an mac léinn ar  shaintréithe chanúint na Mumhan i ndiaidh dó/di tabhairt faoin modúl seo. Chuige sin díreofar ar chnuasaigh na dtograí Béaloidis ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne agus ar acmhainní ó TG4, ó Sheinnteoir an Oireachtais agus ó Raidió na Gaeltachta. Spreagfar an mac léinn chun machnamh a dhéanamh ar bhealaí chun an traidisiún béil a chur chun cinn ina c(h)eantar féin chomh maith.

SIOLLABAS: An béaloideas mar ábhar léinn; stair léann an bhéaloidis in Éirinn; bailitheoirí Choimisiún Béaloideasa Éireann agus a saothar; conas Cartlann Roinn Bhéaloideas Éireann a láimhseáil; an insint bhéil i dtraidisiún scéalaíochta na muintire; Bailiúchán na Scol - acmhainn don staraí logánta; léann an bhéaloidis in Éirinn sa lá atá inniu ann agus an obair atá ar siúl sa ghort faoi láthair; nósanna an fhéilire sa lá atá inniu ann; féilte reatha scéalaíochta; an t-agallamh fileata; an Ghaeilge i gcomhthéacs na n-ealaíon dúchasach; ról TG4 i gcur chun cinn an Bhéaloidis mar ábhar léinn agus ról an stáisiúin chun tacú le tograí béaloidis reatha; An tOireachtas - tobar na n-ealaíon; foinsí béaloidis mar acmhainn don fhoghlaimeoir teanga; nasc an bhéaloidis áitiúil leis an turasóireacht chultúrtha agus leis an bhforbairt phobail.

SPRIOCANNA FOGHLAMA: Is í aidhm an mhodúil seo ná tógáil ar scileanna dianmhachnaimh, féinanailíseacha agus staidéir an mhic léinn. Tarraigeofar ar thaithí na mac léinn ar an bhfoghlaim chumaisc agus forbairt a dhéanamh ar an úsáid a bhaintear as uirlisí foghlama ar-líne chun caighdeán a gcuid foghlama a chur chun cinn. Leagfar an-bhéim ar litríocht na sprioctheanga, conas fiúntas acmhainní litríochta ar-líne agus i gcló a mheas agus an smaointeoireacht chriticiúil agus chruthaitheacht a threisiú. Aidhm eile leis an modúl ná cur le feasacht chultúrtha agus le forbairt phearsanta an mhic léinn trí rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí lasmuigh den tseomra ranga agus Sulis agus sa Ghaeltacht ach go háirithe. 
SIOLLABAS: Conas plean forbartha a chur le chéile; conas tabhairt faoin log go héifeachtach; eolas a fháil ar acmhainní teanga atá i gcló agus ar-líne; forbairt feasachta maidir le cruinneas teanga – “tabhairt faoi deara”; iniúchadh ar na canúintí; straitéisí foghlama foclóra; amharc ar réamhaíocht chumarsáide; aiseolas ceartaitheach a chur i bhfeidhm; taifead ar dhul chun cinn sna ceithre scil teanga; tréimhse foghlama sa Ghaeltacht (2).

SPRIOCANNA FOGHLAMA: Tuiscint ar an dátheangachas agus dearcadh dearfach ina leith a chothú; Pobal na teanga a fhiosrú, idir chainteoirí traidisiúnta agus nuachainteoirí agus tuiscint a chothú i leith ilchineálacht an phobail ó thaobh cúlra sochtheangeolaíoch, inspreagadh agus iompar teanga na gcainteoirí; Cabhrú le mic léinn caidrimh níos fearr a chothú le cainteoirí Gaeilge éagsúla; Úsáid na Gaeilge mar rogha teanga, faoi thionchar fórsaí éagsúla, sa Ghaeltacht agus lasmuigh di, a iniúchadh; Smaointeoireacht chriticiúil i dtaca leis an mbeartas oifigiúil teanga agus an dearcadh poiblí i leith na Gaeilge a spreagadh.

SIOLLABAS: An dátheangachas/an t-ilteangachas mar fheinimeán idirnáisiúnta; buntáistí an dátheangachais; an dátheangachas Béarla-Gaeilge in Éirinn agus pobal teanga na Gaeilge; an Daonáireamh agus foinsí eolais ábhartha eile; stair an iompaithe teanga, an beartas oifigiúil teanga agus samplaí den bhainistíocht teanga; dinimicí teanga sa Ghaeltacht chomhaimseartha; úsáid na Gaeilge mar rogha teanga a bhíonn faoi réir ag fórsaí sóisialta éagsúla; ceisteanna cumhachta, comhionnanais agus cearta teanga; ag tógáil clainne le Gaeilge sa lá atá inniu ann: dúshláin agus féidearthachtaí; líonraí Gaeilge, an rannpháirtíocht phobail, nuachainteoirí agus taighde sochtheangeolaíoch reatha.

SPRIOCANNA FOGHLAMA: Is dúshlán ar leith do mhic léinn le Gaeilge, ar cainteoirí dara teanga iad a bhformhór, agus ar beag a dteagmháil le réimeanna éagsúla na teanga, an réim acadúil a láimhseáil. Is é cuspóir an mhodúil feasacht na mac léinn ar an réim acadúil i nGaeilge a ardú agus scileanna léinn agus scileanna teanga na mac léinn a fhorbairt ionas go mbeidh siad in ann taighde agus scríbhneoireacht acadúil a láimhseáil i nGaeilge. 

Bíonn an modúl ar fáil neamhspleách ar an sainchúrsa Dioplóma sa Ghaeilge Fheidhmeach chomh maith. De bhreis ar mhic léinn an Dioplóma, díreofar sa mhodúl ar riachtanais spriocphobail éagsúil: mic léinn le Gaeilge in Ollscoil Luimnigh agus in institiúidí tríú leibhéal eile, mic léinn i mbun cúrsaí eile ar mian leo togra taighde (m.sh. tionscadal na bliana deireanaí in Ollscoil Luimnigh) nó cuid de thogra taighde a chur i gcrích trí Ghaeilge, daoine gairmiúla a chaithfidh aghaidh a thabhairt ar thaighde agus scríbhneoireacht acadúil i nGaeilge. 

SIOLLABAS: An scríbhneoireacht mar phróiseas; straitéisí scríbhneoireachta; tréithe na scríbhneoireachta acadúla; anailís ar théacsanna eiseamláireacha; cleachtaí scríbhneoireachta; scileanna leabharlainne agus cuardach foinsí; an léirmheas litríochta; anailís chriticiúil; forbairt gutha acadúil; coinbhinsiúin tagartha Harvard; feasacht teanga; cruinneas teanga; acmhainní úsáideacha; an léamh siar agus an léamh profaí; piarthacaíocht; cur i láthair acadúil éifeachtach. 

SPRIOCANNA FOGHLAMA: Is í aidhm an mhodúil seo ná tógáil ar scileanna dianmhachnaimh, féinanailíseacha agus staidéir an mhic léinn. Leagfar an-bhéim ar litríocht na sprioctheanga, conas fiúntas acmhainní litríochta ar-líne agus i gcló a mheas agus an smaointeoireacht chriticiúil agus chruthaitheacht a threisiú. 

Aidhm eile leis an modúl ná cur le feasacht chultúrtha agus le forbairt phearsanta an mhic léinn trí rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí lasmuigh den tseomra ranga agus Sulis agus sa Ghaeltacht (nó ag ócáid Ghaelach) ach go háirithe. Tarraingeofar ar thaithí na mac léinn ar an bhfoghlaim chumaisc agus forbairt a dhéanamh ar an úsáid a bhaintear as uirlisí foghlama ar-líne chun caighdeán a gcuid foghlama a chur chun cinn agus chun cleachtadh scríbhneoireachta a fháil i ngníomhaíochtaí blagadóireachta ach go háirithe. 

SIOLLABAS: Forbairtí maidir le scileanna staidéir agus tuiscintí ar an bhfoghlaim fhéinriartha; an litríocht, an t-idirlíon  agus na meáin chlóite agus chraolta mar acmhainní don fhoghlaimeoir neamhspleách; ag roghnú acmhainní léitheoireachta; buanna agus dushláin a bhaineann le litríocht sa Ghaeilge don fhoghlaimeoir neamhspleách; straitéisí saibhriú foclóra; forbairt ar scileanna scríbhneoireachta trí bhlaganna a úsáid (scríbhneoireacht chruthaitheach); mise agus an Ghaeilge – blagchuntas scríofa / fuaime; tréimhse foghlama sa Ghaeltacht (3); cuntas blagadóireachta ar mo thaithí sa Ghaeltacht; anailís chriticiúil ar dhul chun cinn sna ceithre scil teanga agus sna tuiscintí ar an bhfeasacht chultúrtha.

SPRIOCANNA FOGHLAMA: Réasúnaíocht an mhodúil ná doras isteach go domhan na léitheoireachta sa Ghaeilge a thabhairt do mhic léinn agus a gcuid léargais ar staid na scríbhneoireachta agus na foilsitheoireachta do chineálacha éagsúla léitheoirí a fhorbairt. Táthar ag súil leis go mbeidh deiseanna fairsinge ag na mic leinn chun cur lena scileanna teanga féin trí iniúchadh a dhéanamh ar réimse de théacsanna scríofa.  Bunaidhm eile ná na mic léinn a mhealladh chun léitheoireachta mar chaitheamh aimsire iad féin agus an nós sin a bhuanú.

SIOLLABAS: Stair shóisialta agus pholaitiúil na teanga; gluaiseachtaí cultúrtha agus ealaíona; scríbhneoirí comhaimseartha na Gaeilge: portráidí; an prós comhaimseartha: staidéar téamúil ar roinnt saothar, agus téamaí agus ceisteanna nua-aimseartha sna saothair seo; an scriptscribhneoireacht, sobalchláir agus gearrscannáin Ghaeilge; an bhlagadóireacht; an scríbhneoireacht don ardán; clubanna leabhar agus féilte litríochta na Gaeilge; comórtais agus scéimeanna liteartha, scéimeanna cónaithe, mar shampla; na meáin chumarsáide Ghaeilge; litríocht na nÓg; foilsitheoirí na Gaeilge; scéimeanna tacaíochta; scríbhneoirí na Gaeilge sna meáin shóisialta; nósanna an phobail léitheoireachta; féidearthachtaí agus dúshláin Twitter.

SPRIOCANNA FOGHLAMA: Dírítear sa mhodúl seo ar scileanna cumarsáide agus dioscúrsúla agus scileanna chur i láthair Gaeilge na mac léinn a fhairsingiú. Ullmhófar na mic léinn chun réimeanna teanga éagsúla a aithint agus a úsáid. Bainfidh an plé ar chomhthéacsanna foirmeálta le hócáidí oifigiúla agus le searmanais éagsúla & díreofar ar an teanga chomhairleach a úsáideann fostóirí agus fosaithe sa chomhthéasc gairmiúil chomh maith. Bainfidh réimeanna teanga neamhfhoirmeálta ansin leis an gcineál teanga a úsáidtear i ngréasáin shoisialta le cairde. Cuirfear go mór le scileanna teanga ginearálta na mac léinn sa tslí is go mbeidh sé/sí in ann páirt lárnach a ghlacadh in imeachtaí Gaelacha san ionad oibre agus lasmuigh de. 

SIOLLABAS: Réimeanna agus dioscúrsaí éagsula sa chomhthéacs gairmiúil: cur i láthair; bronnadh céimeanna; ag cur fáilte roimh chuairteoirí; ag cur aíonna i láthair; óráid a thabhairt sa suíomh oibre; taispeántas a oscailt, moltóireacht ag cómórtas; leabhrán eolais a phleanáil agus a leagan amach, seoladh leabhar; cur i láthair acadúil; agus ócáidí eile. Réimeanna agus dioscúrsaí éagsula lasmuigh den suíomh oibre: oráidí & díospóireachtaí poiblí; fóraim; brúghrúpaí; coistí; ag scríobh litreacha chuig na nuachtáin agus altanna irise/nuachtáin; ag scríobh preasráiteas; ag fáil urraíochta agus maoinithe; féilte; na meáin shóisialta; scileanna fhear/bhean an tí. Cuirfear na téamaí seo a leanas i láthair na mac léinn chomh maith: cúrsaí sóisialta, polaitíochta & reatha; cúrsaí sláinte; nósanna; na meáin; stíleanna beatha, an saol nua-aimseartha; taisteal, & an Ghaeilge sa teaghlach.

SPRIOCANNA FOGHLAMA: An aidhm leis an modúl seo ná mic léinn a chur ag machnamh ar an bhfoghlaim teanga ar feadh an tsaoil. Leagtar an-bhéim ar litríocht na sprioctheanga agus ar an smaointeoireacht chriticiúil agus chruthaitheacht a threisiú. Déantar seo trí mheán plé sa seomra ranga agus ar líne mar gheall ar acmhainní léitheoireachta don fhoghlaimeoir, an foghlaimeoir fásta le Gaeilge ach go háirithe. Aidhm eile leis an modúl ná tarraingt ar fheasacht chultúrtha na mac léinn agus díriú ar an bhforbairt phearsanta trí ghníomhaíochtaí beirte/grúpa, an fhoghlaim chumaisc agus taithí ar chuairt ghearr ar an nGaeltacht.  Dírítear ar an deis a bhaineann leis an líonrú le foghlaimeoirí eile agus le cainteoirí cumasacha eile sa mhionteanga a fhiosrú agus a chleachtadh. 

SIOLLABAS: An t-inspreagadh san fhoghlaim teanga – foghlaim ar feadh an tsaoil; comhoibriú agus líonrú le foghlaimeoirí agus le cainteoirí eile; uirlisí tacaíochta ríomhchuidithe don obair ghrúpa; léargais ar an bhfoghlaim teanga - fócas ar fhoirm; próiseis léitheoireachta agus éisteachta; ag sealbhú na foghraíochta; botúin choitianta sa teanga a aithint; straitéisí forbartha don chumarsáid agus don láithreoireacht; foghlaim tasc-bhunaithe agus cur chuige réiteach fadhbanna; anailís chriticiúil ar dhul chun cinn sna ceithre scil teanga agus sna tuiscintí ar an bhfeasacht chultúrtha; plean fadtéarmach foghlama teanga a chur le chéile; tréimhse foghlama sa Ghaeltacht (4).

Modh Iarratais & Táillí

Caithfear iarratas a chur isteach tríd an suíomh ag Staidéar Iarchéime agus Gairmiúil.
Ar an gcéad dul síos, déan tagairt don seicliosta faoi 'Professional/Flexible programmes - how to apply' faoin modh iarratais.

Spriocdháta d'iarratais: Dé hAoine Iúil 2022.

Beidh agallamh le déanamh ag iarratasóirí lár mhí Lúnasa 2022. Cuirfear treoir ar fáil faoi struchtúr an agallaimh.

Táille an chúrsa ná €1,154 in aghaidh na bliana* (*bliain acadúil 2022/23 - déantar athbhreithniú ar na táillí gach bliain). Tá costas sa bhreis i gceist don deireadh seachtaine sa Ghaeltacht gach seimeastar.
An táille ar mhodúl in-naisc (6 ECTS) ná €300 agus €150 a bheidh ar na modúil ‘Log Foghlama 1-4’ (3 ECTS

It was the Dioplóma sa Ghaeilge programme that inspired me to continue to learn more about the language. It prompted my language learning journey, a journey that is still ongoing. I wouldn't have continued on that journey were it not for the team at Aonad na Gaeilge who encourage and give full and hearty support at all times.

GAN AINM

Mholfainn go mór an cúrsa seo, is cúrsa den scoth é; níor thuig mé an méid deiseanna atá ann le Gaeilge; fuair me a lán eolais faoi phobal na Gaeilge agus cé chomh saibhir agus láidir is atá an pobal sin.

GAN AINM

Tá a lán seachas an Ghaeilge i gceist, sochtheangeolaíocht, cultúr, conas tabhairt faoi chur i lathair a dheanamh, bhaineas a lán taitnimh as.

GAN AINM

Bhí mé imithe ón oideachas foirmeálta le blianta. Bhí an cúrsa go hiontach chun dul I dtaithi ar an oideachas arís. Bhí an t-atmaisféar fáiltiúil.

GAN AINM