An Chóitseáil Teanga san Ionad Oibre – Language Coaching in the Workplace - Module GA6172
Key information
English version below
Dearadh an modúl MicriDhintiúr chun tacú leis an gCóitseáil Teanga don Ghaeilge agus don Bhéarla san ionad oibre. Tacóidh idirghabhálacha cóitseála Gaeilge le forbairt seirbhísí ardchaighdeáin trí Ghaeilge sa phobal agus le cur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 san earnáil phoiblí. Freastalóidh seirbhísí cóitseála Béarla ar líon méadaitheach na n-imirceach san ionad oibre in Éirinn a bhfuil Béarla mar dhara teanga nó mar theanga bhreise acu. Oirfidh an cúrsa d’ iarratasóirí atá ag tacú le teangacha oifigiúla i gcomhthéacsanna eile lasmuigh d’Éirinn chomh maith.
The MicroCred is designed to support Language Coaching for Irish and English in the workplace. Irish language coaching interventions will support the development of quality services through Irish in the community, and the implementation of the Official Languages (Amendment) Act 2021 in the public sector. English language coaching will cater for the growing number of migrant workers in Ireland for whom English is a second or additional language. The course will suit applicants supporting other official languages in contexts outside of Ireland also.
English version below
Tá an cúrsa dírithe ar rannpháirtithe a bhfuil spéis acu foghlaim faoi conas tacú le foghlaim agus forbairt teanga san ionad oibre. Ó thaobh an Bhéarla de, beidh an cúrsa ina ábhar spéise do rannpháirtithe a bhfuil baint acu le tacaíochtaí teanga d'imircigh le haghaidh raon de shuíomhanna gairmiúla, agus, i gcás na Gaeilge, rannpháirtithe a thacaíonn le húsáid na Gaeilge sa phobal agus i gcomhthéacsanna Acht na dTeangacha Oifigiúla san earnáil phoiblí. Cuirfear fáilte roimh iarratasóirí atá ag plé le teangacha oifigiúla i gcomhthéacsanna eile lasmuigh d’Éirinn chomh maith.
Is beag scéim fhoirmiúil tacaíochta teanga atá i bhfeidhm san ionad oibre príobháideach nó poiblí don Ghaeilge, nó don Bhéarla mar Dhara Teanga nó mar Theanga Eile (ESOL) in Éirinn. Beidh suim ag rannpháirtithe an mhodúil seo stiúradh a dhéanamh ar chomhdhearadh tionsnamh tacaíochta teanga ina suíomhanna oibre féin ar mhaithe leis an bhfoghlaim teanga a dhéanamh níos praiticiúla, níos éifeachtaí agus níos inbhuanaithe do chomhghleacaithe.
I measc na n-ábhar siollabais tá: an tacaíocht teanga san ionad oibre, róil chleachtóirí, múnlaí, cuir chuige agus comhthéacsanna (comhthéacs mhionteangacha san áireamh); An Chóitseáil Teanga / An Chomhairleoireacht i bhFoghlaim Teanga; neamhspleáchas an fhoghlaimeora, an t-idirphlé machnamhach intinneach agus an scafláil foghlama; uirlisí comhairleoireachta; scileanna an Chóitseálaithe Teanga; an cleachtas machnamhach; mothúcháin agus an chomhairleoireacht teanga; an imní theangeolaíocht; an fhoghlaim bhunathraitheach; timpeallachtaí foghlama dearfacha agus institiúidí dearfacha, an cheannaireacht agus abhcóideacht teanga, an fheasacht chultúrtha agus ilchultúrtha; cuir chuige inbhuanaithe san fhorbairt ghairmiúil leanúnach, agus an taighde agus cleachtas gairmiúil rannpháirtíochta
The course targets participants who would like to learn about how to support language learning and development in workplace settings. In terms of English language, the course will be of interest to participants involved in supporting the learning of English by migrants for a range of professional settings. In the case of Irish, it will suit participants who support the use of Irish in the community or in public sector Official Languages settings. Applicants wishing to focus on the support of official languages in contexts outside of Ireland may do so also.
Few formal language support mechanisms are in place for Irish, or English as a Second or Other Language (ESOL), in either the private or public workplace setting in Ireland. Participants in this module will be interested in leading the co-design of language support initiatives in their workplace setting in order to make language learning more practical, efficient and sustainable.
Syllabus topics include: language support in the workplace; practitioner roles, models, approaches and contexts (including minoritised language context); Language Coaching / Advising in Language Learning (ALL); learner autonomy; intentional reflective dialogue and scaffolding learning; advising tools; the skills of the Language Coach; reflective practice; emotions and advising; linguistic (in)security; transformational learning; positive learning environments and positive institutions; leadership and language advocacy; cultural and multicultural awareness; sustainable approaches to continuous professional development; and participatory professional research and practice.