Gaeilge Careers
Key information
Fostaíocht do Chéimithe
Bíonn deiseanna fostaíochta ar fáil do chéimithe Gaeilge Ollscoil Luimnigh i réimsí éagsúla, mar shampla: an mhúinteoireacht, an earnáil oidhreachta agus cultúir, na meáin Ghaeilge agus an iriseoireacht, an earnáil phoiblí.
Staidéar Iarchéime
- PME sna Teangacha (Gaeilge)
- MA múinte sa Ghaeilge
- MA taighde sa Ghaeilge
- PhD taighde sa Ghaeilge
- MA Comparative Literature and Cultural Studies
Student Profile
Fiachra Ó Muircheartaigh
Theastaigh uaim cónaí as baile agus tá cónaí ar mo sheanthuistí i Luimneach chomh maith. Is maith an cur amach atá agam ar an gcathair dá bhrí sin agus ar na háiseanna iontacha atá san Ollscoil don té ar spéis leis an spórt agus b’shin an fáth gur roghnaigh mé teacht anseo.
An deis a bhí ar fáil staidéar a dhéanamh ar ghnéithe éagsúla den Ghaeilge agus na meáin úra i dteannta a chéile. Déanta na fírinne, is beag an tsuim a bhí agam i dtaobh na mean úr den chúrsa ach thuig me go mbeadh níos mó deiseanna ar fáil dom ó thaobh fostaíochta de agus dhá ábhar faoi staidéar agam.
Is iomaí ábhar a bhíonn faoi iniúchadh ag mic léinn an chúrsa úd ó thaobh na Gaeilge de. Bíonn deis agat staidéar a dhéanamh ar an mbéaloideas, ar an malartú teanga, ar fhilíocht de chuid na bhfilí móra le rá maraon le saothar litríochta na n-údar clúiteach. Is iad an scríbhneoireacht theicniúil, sochaí an eolais agus teoiric an chultúir na hábhair is tábhachtaí a bhíonn faoi chaibidil againn ó thaobh na meán úr de.
Mar a dúradh ó chianaibh, is é an deis atá agam súil agus tuairim a cháitheamh ar ghnéithe éagsúla den Ghaeilge is mó a thaithníonn liom faoin gcúrsa seo. Is maith liom na ranganna gramadaí a bhíonn againn de bhrí go mbíonn deis agam teacht ar fhreagraí iontu maidir le deacrachtaí difriúla atá agam ó thaobh gramadach na Gaeilge de agus nithe eile nach iad a bhíonn ag dó na geirbe agam agus mé ag scríobh agus ag labhairt na Gaeilge araon.
Chuaigh mé go dtí an Airgintín don chomaroideachais. Bhí mé ag obair mar mhúinteoir Béarla sa tír úd. Bhí deis agam teanga na tíre a fhoghlaim agus taithí oibre a fháil a bheidh luachmhar amach anseo le cúnamh Dé.
Clodagh Hennessey
Is mac léinn mé atá im’ bhliain deireanach den chéim Bhaitsiléir sna hEalaíona. Is iad na hábhair atá agam ná an Ghaeilge agus an Caidreamh Idirnáisiúnta. D'fhreastail mé ar Ghaelscoil agus Ghaelcholáiste, mar sin bhí a fhios agam gur ábhar í an Ghaeilge ar mhaith liom staidéar a dhéanamh uirthi, go háirithe mar go bhfuil sé ar an intinn agam múinteoireacht a dhéanamh sa todhchaí. Rud a chuir an-iontas orm ná cé chomh solúbtha is atá an chéim Bhaitsiléir Ealaíon. Bhí sé ina bhuntáiste ollmhór an seans a fháil chun iniúchadh a dhéanamh ar ábhair éagsúla i mbliain a haon sula gceanglaíonn tú tú féin leo go fadtéarmach.
Tá léann na Gaeilge ag Ollscoil Luimnigh an-idirghníomhach. Tá modúil le béaltriail le fáil i ngach seimeastar. Buailimid i ngrúpaí beaga lasmuigh den rang i gcomhair comhrá nádúrtha as Gaeilge. Cé go bhfuil na seisiúin sin grádaithe, ní bhraitheann siad cosúil le staidéar. Faigheann tú an deis canúintí difriúla a chloisteáil, bualadh le daoine ó chúlraí difriúla agus feabhas a chur ar do chuid líofachta.
Oibríonn an Ghaeilge go maith leis an bpolaitíocht. Chuir mé béim i rith mo staidéir ar pholaitíocht an Aontais Eorpaigh, ar an gCaidreamh Idirnáisiúnta agus ar thrádáil an Aontais Eorpaigh, a nascann go díreach le deiseanna gairme amach anseo, cosúil le fostaíocht in institiúidí an Aontais Eorpaigh nó a bheith i m’ateangaire Gaeilge. Tá mo thaighde do mo thionscnamh céime á dhéanamh agam sa pholaitíocht, ag déanamh anailíse ar chúrsaí inscne sa tslí ina mbíonn daoine óga ag vótáil in Éirinn sa lá atá inniu ann, ach bhí mé in ann mo spéis sa Ghaeilge a fhí isteach ann chomh maith.
Buaicphointe mór domsa ná an sé mhí a chaith mé ag déanamh taithí oibre i meánscoil lán-Ghaeilge. Dhearbhaigh sé dom gurb í an mhúinteoireacht an tslí bheatha ar mhaith liom a leanúint. Ghlac mé páirt i go leor imeachtaí éagsúla sa scoil, ar nós múinteoireacht ranga agus maoirseacht ranga. Chomh maith leis sin, bhí mé mar scríobhaí, mar léitheoir agus mar riarthóir ag amanna difriúla.
Do dhuine ar bith atá ag smaoineamh ar chéim sna hEalaíona a dhéanamh: má tá tú fiosrach, cruthaitheach, agus más maith leat an tsaoirse chun do chéim féin a chruthú, is rogha iontach í.