Skip to main content

An Ghaeilge sa Chleachtas Gairmiúil 1 / Irish for Professional Practice 1 - Module GA3031 Programme content

An aidhm leis an modúl seo ná na mic léinn a ullmhú chun an Ghaeilge a úsáid sa chomhthéacs gairmiúil. Dianchúrsa teanga atá ann.

Key information

EU fees per year €500
Non-EU fees per year €500
NFQ Level NFQ Level 7
Duration 12 Weeks (6 sheisiún thar 12 seachtaine)
Attendance Part-time
Delivery In-person
Start date September
Award University Certificate of Study
Course code GA3031
Register your interest

English version below

Pléitear leis na téamaí seo a leanas sa siollabas: An Ghaeilge sa chleachtas gairmiúil; ag bualadh le daoine; ag labhairt faoin saol oibre agus faoi do phost féin; ag cur síos ar an suíomh oibre agus ar choinníollacha oibre; ag eagrú sceideal oibre; ag déileáil le garanna agus le hiarratais;  bainistíocht ama; ag déileáil le gearáin;  scríobh na Gaeilge – comhfhreagras scríofa; ainmneacha agus sloinnte Gaeilge; logainmneacha na hÉireann; ag tabhairt orduithe, ag déanamh geallúintí; teanga idirbheartaíochta agus argóna; agus ag labhairt faoin todhcaí. Múintear an ghramadach agus cruinneas na Gaeilge go córasach i gcomhthéacs ábhar an mhodúil.   


The syllabus includes the following themes: Irish for the professional context; meeting people;  talking about your working life and your position; describing the workplace and work conditions; organising schedules; dealing with favours and requests; time management; dealing with complaints; written Irish – written correspondence; names and surnames in Irish; place names; giving orders; negotiating and arguing, and making plans for the future. Grammar and language accuracy are dealt with systematically in the context of module topics. 

Learning outcomes

English version below

Leagan gaeilge

Agus an modúl seo críochnaithe go rathúil ag na mic léinn, beidh siad in ann:  

  • Dul i ngleic le brí ghinearálta téacsanna labhartha agus scríofa (gnáthchomhfhreagras / glórtheachtaireachtaí) ar thopaicí bainteach leis an saol oibre agus leis an gcleachtas gairmiúil
  • Páirt a ghlacadh i gcomhráite faoi thopaicí an chúrsa, topaicí coitianta a bhaineann lena ngnáthshaol oibre féin agus le réimse de théacsanna scríofa
  • Foclóir agus téarmaíocht faoi réimse éigin dá saol oibre / sainspéiseanna pearsanta a roinnt le comhghleacaithe i bhfoirm chur i láthair
  • Comhráite maidir le topaicí sothuartha a bhfuil taithí acu orthu a stiúradh
  • Teimpléid shamplacha do chomhfhreagras scríofa i nGaeilge (comhthéacs Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 san áireamh) a dhearadh don chomhthéacs gairmiúil

English version

  • Grasp the general meaning of spoken and written texts (regular correspondence / voice messages) on topics relating to the workplace and their own professional context
  • Participate in conversations about course topics, common topics relating to their everyday work context and a range of written texts
  • Present vocabulary and terminology relating to their workplace or special interest topic to colleagues in an oral presentation
  • Steer conversations on predictable, familiar topics in Irish  
  • Design sample templates for written correspondence in Irish (including content relating to Official Languages Act - Amendment - 2021) for the professional setting

Assessment

Déanfar measúnú ar bhonn leanúnach, cur i láthair ó bhéal agus tascanna scríofa, mar shampla. 

Assessment will be on a continuous basis, for example, oral presentation and written assignments. 

© 2026 University of Limerick