Skip to main content

An Cleachtas Dátheangach - Bilingual Practice - Module GA3023

Sochtheangeolaíocht na Gaeilge: úsáid, féiniúlacht agus cur chun cinn na teanga.
Understanding Irish language use, policy and communities

Key information

EU fees per year €500
Non-EU fees per year €500
NFQ Level NFQ Level 7
Duration 12 Weeks
Attendance Part-time
Delivery Online
Start date 15 September 2026
Award University Certificate of Study
Course code GA3023
Register your interest

Déantar sochtheangeolaíocht na Gaeilge a phlé sa chúrsa seo le béim ar an dátheangachas, ar phobail teanga, agus ar na fórsaí casta sóisialta, cultúrtha agus polasaí a mhúnlaíonn úsáid na teanga laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht. Faightear léargas luachmhar ar uirlisí praiticiúla chun rannpháirtíocht leis an teanga a neartú chomh maith. 

Déanfaidh rannpháirtithe iniúchadh géarchúiseach ar shaol ilghnéitheach na Gaeilge, lena n‑áirítear éagsúlacht chainteoirí agus fhoghlaimeoirí na teanga, agus na bealaí éagsúla ina n‑úsáidtear an Ghaeilge i gcomhthéacsanna sóisialta agus gairmiúla. Forbróidh siad tuiscint dhomhain ar an gceangal idir teanga, féiniúlacht agus cumhacht, agus ar an ról a imríonn dearcthaí, nósanna agus struchtúir institiúideacha i múnlú cleachtas teanga. 

Ag tarraingt ar shaineolas Ollscoil Luimnigh sa teangeolaíocht fheidhmeach, sa chóitseáil teanga agus i gcur chuige nuálach i leith thacaíocht pholasaí, díríonn an cúrsa seo ar bhealaí praiticiúla, taighdebhunaithe chun úsáid bhríoch, mhuiníneach na Gaeilge a chur chun cinn. Cuirtear béim ar straitéisí atá inoiriúnaithe do réimsí éagsúla oibre agus pobail, le fócas ar fhás, ar rannpháirtíocht agus ar athrú cultúir i leith na teanga. 

Tá an cúrsa dírithe ar chleachtóirí agus ar cheannairí a bhfuil ról acu i gcur chun cinn na Gaeilge  - oifigigh teanga, ceannairí pobail, oideachasóirí agus nuálaithe san ionad oibre chomh maith leo siúd ar spéis leo an Ghaeilge a úsáid ar bhealach níos gníomhaí ina saol gairmiúil. Cuireann sé léargas ar fáil ar na deiseanna gairme atá ag teacht chun cinn i réimsí éagsúla, agus ar an ról atá ag an nGaeilge i dtodhchaí shóisialta agus institiúideach na hÉireann. 


This course examines the sociolinguistics of the Irish language, exploring bilingualism, language communities, and the complex social, cultural and policy forces that shape language use in contemporary Ireland, both within and beyond the Gaeltacht. It offers valuable insights and practical tools to enhance engagement with the language. 

Participants will engage critically with the diversity of Irish speakers and learners and develop an informed understanding of how attitudes, identities and institutional policies influence language practices.  

Grounded in the expertise in applied linguistics, language coaching, and innovative approaches to language policy support and implementation at UL, the course emphasises practical, research-informed strategies to support the meaningful use of Irish in professional, community, and educational contexts. 

This course will be relevant for language officers, community leaders, educators, and workplace innovators, as well as anyone interested in the growing range of professional opportunities for those with Irish across the public, private and community sectors, as well as anyone with an interest in the Irish language and its future.  

© 2026 University of Limerick