Skip to main content

Gaeilge - MA

Cuirfidh an MA sa Ghaeilge ar do chumas úsáid a bhaint as an nGaeilge ag ard-chaighdeán agus ag ard-leibhéal cruinnis.

Key information

NFQ Level NFQ Level 9 Major
Duration One year or two years
Attendance Full-time or Part-time
Programme type Taught, Professional / Flexible
Start date September
Award Masters
Register your interest

Cuirfidh an MA sa Ghaeilge ar do chumas úsáid a bhaint as an nGaeilge ag ard-chaighdeán agus ag ard-leibhéal cruinnis. Ina theannta sin, beidh deis agat ar dhul amach ar réimse leathan ábhar i Léann na Gaeilge.

Ar an gcaoi sin, is cúrsa é seo a dhéanfaidh forbairt ar do scileanna agus a chuirfidh go mór le do thuiscint ar theanga agus ar litríocht na Gaeilge, ó ré na Nua-Ghaeilge Moiche anuas go dtí an lá atá inniu.

Déanfaidh tú scileanna luachmhara a shealbhú agus a fhorbairt, ar féidir iad a chur i bhfeidhm i réimse leathan comhthéacsanna agus postanna; scileanna taighde, teanga, agus anailíse ina measc.

Beidh deis agat ar scileanna cumarsáide agus scileanna aistriúcháin a fhorbairt in obair tionscnaimh freisin, agus rogha agat tabhairt faoi thréimhse taithí oibre chun cur leis na deiseanna fostaíochta tar éis na céime. Anuas air sin ar fad, beidh rogha agat tráchtas a scríobh sa scríbhneoireacht chruthaitheach.

Is féidir tabhairt faoin MA go lánaimseartha ar feadh bliana nó go páirtaimseartha ar feadh dhá bhliain.

Bainfidh tú ard-chaighdeán teanga agus ard-leibhéal cruinnis amach. Beidh deis agat ar dhul amach go domhain ar réimse leathan ábhar i Léann na Gaeilge, an Nua-Litríocht, an Béaloideas agus an Eitneagrafíocht, An Ghaeilge agus an Béarla sa 19ú/20ú haois, agus an Nua-Ghaeilge Mhoch agus Léann na Lámhscríbhinní san áireamh.

Déanfar an cúrsa a theagasc i bhfoirm léachtaí, ceardlann, agus seimineár. Leagfar béim ar leith ar mheasúnú leanúnach, mar aon le modheolaíochtaí teagaisc agus foghlama gníomhaí chun idirghníomhaíocht agus foghlaim fhéinstiúrtha a chothú.

 

© 2026 University of Limerick