Skip to main content

Micridhintiúir

GA3023 An Cleachtas Dátheangach (rang maidine, ar líne)

Déantar sochtheangeolaíocht na Gaeilge a phlé sa chúrsa seo le béim ar an dátheangachas, ar phobail teanga, agus ar na fórsaí casta sóisialta, cultúrtha agus polasaí a mhúnlaíonn úsáid na teanga laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht. Faightear léargas luachmhar ar uirlisí praiticiúla chun rannpháirtíocht leis an teanga a neartú chomh maith. 

Túsdháta: an tseachtain dár tús 14/9/2026 (maidin le deimhniú)

Am: 11.00-13.00 

Táille: €500 

Tuilleadh Eolais/More Information

GA3031 An Ghaeilge sa Chleachtas Gairmiúil (rang maidine, ar an gcampas)

An aidhm leis an modúl seo ná na mic léinn a ullmhú chun an Ghaeilge a úsáid sa chomhthéacs gairmiúil. Dianchúrsa teanga atá ann. Pléitear leis na scileanna teanga ar fad agus le téamaí coitianta teanga sa ghnáthshaol oibre. Bíonn deis ag mic léinn díriú ar an sainteanga a bhaineann leis an gcleachtas gairmiúiil. Bunsprioc ná an rannpháirtí a mhealladh agus a mhisniú chun níos mó Gaeilge a úsáid de réir a chéile ina (h)ionad oibre. 

Túsdháta: an tseachtain dár tús 14/9/2026 (maidin le deimhniú)

Am: 11.00-13.00

Táille: €500

Mionsonraí & Modh Iarratais

Sceideal an Fhómhair 2026 - Cúrsaí Gaeilge Ginearálta

  • Tá na cúrsaí seo dírithe ar fhoghlaimeoirí fásta. Tá siad seo ar fáil do  chairde léinn agus do bhaill foirne na hollscoile chomh maith leis an bpobal I gcoitinne.
  • Chun clárú do na cúrsaí deich seachtaine, déan an fhoirm iarratais a chomhlíonadh agus déanfar teagmháil leat mí Mheán Fómhair 2026 chun d'áit a dheimhniú. Tabhair faoi deara go bhfuil modh iarratais eile i gceist do GA3023 agus GA3031  - sonraí thíos.
  • An táille do na cúrsaí deich seachtaine ná €180 (seachas an grúpa plé €50). Socrófar cúrsaí íocaíochta roimh thús na gcúrsaí (cárta is fearr - ar an nguthán nó i bpearsa). Beidh na cúrsaí ar siúl ag brath ar éileamh.
  • An ráta do mhic léinn Ollscoil Luimnigh/Coláiste Mhuire gan Smál ná €90. Tá an ráta seo ar fáil do na catagóirí seo a leanas chomh maith ach an cruthúnas a sholáthar: Teifigh / Cuardaitheoirí poist / Daoine faoi mhíchumas / Pinsinéirí (65+).
  • Mura bhfuil tú cinnte faoi do chaighdeán reatha, déanfaidh an triail socrúcháin ar líne seo treoir ghinearálta a chur ar fáil duit. Léiríonn toradh A1/A2 leibhéal an tosaitheora, léiríonn toradh B1/B2 leibhéal an mheánranga 1/2.
  • D'fhiosrúcháin agus do chomhairle ghinearálta, seol ríomhphost chuig ciara.considine@ul.ie
  • Tá taithí mhaith ag teagascóirí Aonad na Gaeilge ar a bheith ag plé le foghlaimeoirí fásta na Gaeilge. Dírítear ar straitéisí foghlama teanga go minic sna ranganna: straitéisí chun déileáil leis an mbrú a bhaineann le hearráidí teanga a dhéanamh: le deacrachtaí soiléireachta; leis an léamh amach os ard; le húsáid na Gaeilge sa phobal; agus mar sin de.  Moltar d’fhoghlaimeoirí machnamh leanúnach a dhéanamh ar an dul chun cinn a dhéanann siad agus leagtar an bhéim i gcónaí ar an bhféinmhisniú. 
Bréagthosaitheoirí - do dhaoine a rinne an Ghaeilge ar scoil

Oiriúnach dóibh siúd a rinne an Ghaeilge ar scoil ach gur mhaith leo dul siar ar na bunrudaí agus a gcuid muiníne a fhorbairt arís. 

Túsdháta: le deimhniú

Am: 18.30-20.30

Táille: €180

Meánrang 1 / Intermediate 1

Beidh an cúrsa seo oiriúnach dóibh siúd a raibh caighdeán measartha maith Gaeilge acu ar scoil atá as cleachtadh anois. Cuirfear an bhéim ar mhuinín na bhfoghlaimeoirí maidir le labhairt na teanga chomh maith lena scileanna éisteachta, léitheoireachta agus scríbhneoireachta. 

Túsdháta: Dé Céadaoin 23 Meán Fómhair 2026

Am: 18.30-20.30

Táille: €180

Meánrang 2 /Intermediate 2

Oiriúnach do dhaoine a bhfuil caighdeán maith Gaeilge acu atá ag lorg deiseanna cainte. Déanfar staidéar ar an léitheoireacht, ar an éisteacht agus ar an scríobh chomh maith.

Túsdháta: Dé Céadaoin 23 Meán Fómhair 2026

Am: 18.30-20.30

Táille: €180

Grúpa plé

Is grúpa plé é seo do dhaoine le hardchaighdeán sa Ghaeilge labhartha. Bíonn an grúpa faoi stiúir áisitheora agus déantar téamaí a bhaineann le cúrsaí reatha a phlé gach seachtain.

Túsdháta: Déardaoin 17 Meán Fómhair 2026

Am: 09.30-11.00

Táille: €50

© 2026 University of Limerick