Is ionad teacht le chéile do phobal na Gaeilge, Ollscoil Luimnigh é Seomra na Gaeilge. Is ionad lárnach é i gcur chun cinn an bheartais náisiúnta agus agus Institiúide maidir leis an nGaeilge. Is spás sóisialta neamhfhoirmeálta é an Seomra do mhic léinn agus do bhaill foirne a bhíonn:

  • ag súil le deis a fháil an Ghaeilge a labhairt ar an gcampas Ollscoile;
  • ag iarraidh teacht le chéile go sóisialta agus le seans a bheith acu bualadh le baill eile de phobal na Gaeilge san Ollscoil;
  • ag súil le barr feabhais a chur ar a gcuid scileanna Gaeilge;
  • ag lorg eolais mar gheall ar acmhainní foghlama, ar ghníomhaíochtaí agus tacaíochtaí Aonad na Gaeilge;
  • ag obair ar chomhthograí agus ar thionscnaimh leis an nGaeilge mar theanga oibre agus cumarsáide;
  • ag súil le scíth a ligint i dtimpeallacht lán-Ghaelach;
  • ag iarraidh a gcuid Gaeilge a chleachtadh gan a bheith buartha faoi chúrsaí cruinnis agus líofachta.

Tá Seomra na Gaeilge suite in aice le hoifigí Aonad na Gaeilge. Soláthraítear clár de chúrsaí, d’acmhainní, de cheardlanna agus de chlinicí comharliúcháin teanga ag Aonad na Gaeilge. Mórsprioc na ngníomhaíochtaí seo ná cumas teanga agus neamhspleáchas foghlama an phobail spéise a chothú. Cuirtear irisí agus nuachtáin Ghaeilge reatha chomh maith le hábhar léitheoireachta eile ar fáil sa Seomra. Fógraítear imeachtaí le Gaeilge ar chlár na bhFógraí. Ar na háiseanna cistine, tá áiseanna déanamh tae agus caife, micreathonnán, cuisneoir agus miasniteoir. Cuirtear tae agus caife ar fáil ar phraghas réasúnta. Ar na háiseanna do chruinnithe agus do cheardlanna sa Seomra, tá wi-fi, ríomhaire, teilgeoir, scáileán agus clár bán.

Seomra na Gaeilge

Is le tacaíocht ó An tUdarás um Ard-Oideachas (Soláthar Speisialta don Ghaeilge) a chuirtear áiseanna agus gníomhaíochtaí Sheomra na Gaeilge ar fáil. Cuirtear fáilte roimh mholtaí d’imeachtaí sa Seomra. Tá Suirbhe gearr ar fáil ANSEO.

Téarmaí

  1. Is ann do Sheomra na Gaeilge go príomhdha chun seomra caidrimh agus spás foghlama sóisialta lán-Ghaelach a chur ar fáil don bhfoireann agus do mhic léinn Ollscoil Luimnigh.
  2. Úsáidtear Seomra na Gaeilge chun imeachtaí Ollscoile a bhíonn as Gaeilge nó dátheangach/ilteangach a chur ar siúl ann. Tugtar túsáite d'imeachtaí a bhíonn trí mheán na Gaeilge amháin.
  3. Is féidir an Seomra a úsáid ag amanna oiriúnacha le linn na seachtaine mar ionad ranga Gaeilge; mar sheomra físeán Gaeilge;  mar ionad do chruinnithe Gaeilge agus dátheangacha;  mar ionad do sheisiúin cheoil, mar spás pleanála togra; mar spás taispeántais/chur i láthair, nó mar spás scríbhneoireachta.
  4. Úsáidtear an Seomra i ndiaidh 6 mar sheomra teagaisc agus foghlama do chúrsaí Aonad na Gaeilge agus mar ionad d'aoíchainteanna agus d'imeachtaí do phobal na Gaeilge.  (Is gá socruithe slándála a dhéanamh le Roinn na bhFoirgnimh agus na nEastát do na háirithintí seo).
  5. Táthar ag súil leis go mbeidh meas ag cuairteoirí an tSeomra ar na téarmaí seo agus ar an nGaeilge mar theanga caidrimh ann.
  6. Is é Coiste na Gaeilge agus Stiúrthóir na Gaeilge, Ollscoil Luimnigh a leagann síos na téarmaí a ghabhann le feidhm agus le húsáid an tSeomra agus a dhéanann athbhreithniú orthu.

Treoir Úsáide

  1. Is í an Ghaeilge teanga cumarsáide an tSeomra. Iarrtar ar úsáideoirí an tSeomra meas a bheith acu ar an gcoinníoll úsáide seo nó an Seomra a fhágáil. 
  2. Iarrtar ar gach éinne féachaint ar an sceideal seachtainiúil ar an doras sula mbuaileann sé/sí isteach.
  3. Iarrtar ar gach éinne an Seomra a choinneáil glan agus in eagar agus a gcupáin féin a thabhairt leo. Tabhair faoi deara nach gceadaítear gréithe a fhágáil ar an doirteal.
  4. Níl cead troscán, leabhair, gréithe, sceanra srl. a thógáil ón tSeomra féin.
  5. Iarrtar ar chuairteoirí díchlárú, an ríomhaire agus an teilgeoir a mhúchadh agus an scáileán a chur suas sula bhfágann siad.
  6. Más mian leat Seomra na Gaeilge a chur in áirithe do chruinniú nó d’imeacht éigin, déan teagmháil le ciara.considine@ul.ie (Oifig LC0-014).