Tá an Ghaeilge á teagasc in Ollscoil Luimnigh ó 1972 i leith. Tá 500 mac léinn náisiúnta agus idirnáisiúnta ag Léann na Gaeilge faoi láthair agus is ceann de na hábhair is mó fás i nDámh na nDán é. Tá seisear léachtóirílánaimseartha i Léann na Gaeilge: Sorcha de BrúnSíle de CléirAengus Ó Fionnagáin, Máire NíGhráda, Ailbhe Nic Giolla Chomhaill agus Gordon Ó Riain. Saineolaithe iad i réimsí éagsúla de litríocht agusde theanga na Gaeilge, go háirithe an Nua-Litríocht, an Béaloideas, an Ainmeolaíocht, agus an Nua-GhaeilgeMhoch

ÁBHAR AN CHÚRSA

  • Scileanna teanga
  • An Litríocht
  • Stair & Oidhreacht na hÉireann
  • An Béaloideas
  • Sochaí & cultúr na hÉireann

CAD IAD NA CÉIMEANNA OLLSCOILE AR FÉIDR LIOM AN GHAEILGE A ROGHNÚ IONTU?

  • LM002 BA sna hEalaíona
  • LM029 LLB sa Dlí (Dlí +)
  • LM040 BA sa Léann Eorpach
  • LM044 BA i dTeangacha Feidhmeacha
  • LM090 BSc Corpoideachas
  • LM091 BEd sna Teangacha
  • LM131 Baitsiléir Ealaíon sa Cheol Gaelach
  • LM132 Baitsiléir Ealaíon sa Rince Gaelach
  • LM133 Baitsiléir Ealaíon sa Rince Comhaimseartha
  • LM134 Baitsiléir Ealaíon sa Ghuth
  • LM135 Baitsiléir Ealaíon sa Cheol Domhanda

*RIACHTANAS IONTRÁLA: H3 SA GHAEILGE

CÉN CINEÁL OIBRE A DHÉANFAIDH MÉ INA DHIAIDH SIN?
Iriseoir, craoltóir, fotheidealóír, feidhmeannach, múinteoir, teangeolaí, aistritheoir, profadóir, eagarthóir, ateangaire agus postanna éagsúla eile a bhaineann le scileanna cumarsáide nó le cumas tuisceanatraschultúir, mar shampla, ag brath ar an gcéim/céimeanna a dhéanfaidh tú. Tugann go leor céimithe le Gaeilge faoi iarchéim (MA) nó taighde (PhD) tar éis na bunchéime.

AN FÉIDIR LIOM DUL THAR LEAR?
Is féidir, cinnte.  Is cuid dhlúth den chúrsa é go gcaithfidh tú seimeastar amháin in ollscoil eile san Eoraip, i  Meirceá Thuaidh nó i Meiriceá Theas, ag brath ar an gcéim a roghnaíonn tú.  Tá naisc faoi leith idir Léann na Gaeilge agus ollscoileanna sna háiteanna seo a leanas: Ceanada, An Pholainn, Tír na mBascach, na hOileáinBhailéaracha, an Bhriotáin, an Laitvia).

CÁ BHFAIGHIDH MÉ A THUILLEADH EOLAIS?

Gaeilge | University of Limerick (ul.ie)

UL Faculty of Arts, Humanities and Social Sciences | University of Limerick

Oifig, Scoil na Gaeilge, an Bhéarla, agus na Cumarsáide: 
Guthán: 061 202321
X (Twitter): https://twitter.com/GaeilgeAtUL
Ceann Ábhair, Léann na Gaeilge: An Dr Aengus Ó Fionnagáin (aengus.finnegan@ul.ie

Contact Us

Email: eic@ul.ie ,
Phone: +353 61 202218,
Postal Address: School of English, Irish, and Communication, ER3019, University of Limerick, Ireland