Pictured is Professor Don Barry, UL President and Éabha Ní Laoire Nic Ghiolla Phádraig

Fuair Éabha Ní Laoire Nic Ghiolla Phádraig ardmholadh mar iarrthóir sna Dámhachtainí Fochéime

Friday, 30th November 2012 Tags: University of Limerick,

Fuair Éabha Ní Laoire Nic Ghiolla Phádraig (BA Comh-Onóracha, Fraincis agus Gaeilge 2012) ardmholadh mar iarrthóir sna Dámhachtainí Fochéime, tionscnamh Éireannach, arna bhunú ag beirt chéimithe de chuid Choláiste na Tríonóide. Aithnítear sa tionscnamh seo na ceannródaithe agus na ceannairí a bheidh ann amach asneo agus iad fós ag tabhairt faoina gcuid staidéir fhochéime. Fuarthas breis is 2,890 iarratas ó mhic léinn ar fud na hEorpa agus i Meiriceá Thuaidh agus chaith 180 moltóir dhá mhí á meas.
Tá sé mar aidhm ag na Dámhachtainí Fochéime feabhas a spreagadh ag leibhéal na fochéime.Tugtar tacaíocht agus moladh do smaointe ó mhóraigní óga.
Fuair Éabha an t-ardmholadh sa chatagóir a bhaineann le teagna agus litríocht na Gaeilge as tionscadal a rinne sí ina bliain dheireanach ar Nuala Ní Dhomhnaill file.
Ba é "An tEispéireas agus an tEiseachas: mionléamh ar dhioscúrsaí an eiseachais i ndánta de chuid Nuala Ní Dhomhnaill - ‘Táimid Dámanta a Dheirféaracha" teideal an tionscadail, mar a ndearnadh mionanailís ar choincheapa eiseacha agus ar dhioscúrsaí feimineacha atá gaolmhar leis an eiseachas i saothar Nuala Ní Dhomhnaill. An Dr. Tríona Ní Shíocháin, Rannóg na Gaeilge LLCC a bhí mar fheitheoir ag Éabha..
Fuair Éabha urraíocht ó Dhámh na nDán, na nDaonnachtaí agus na nEolaíochtaí Sóisialta agus ó Scoil na dTeangacha, na Litríochta, an Chultúir agus na Cumarsáide d’fhonn freastal ar Chruinniú na nDámhachtainí Focheime níos luaithe an mhí seo. Tugadh cuireadh do mhic léinn bheith páirteach i gcruinniú trí lá ina raibh deiseanna chun aithne a chur ar thaighdeoirí óga eile mar aon le cainteanna agus ceardlanna.


Éabha Ní Laoire Nic Ghiolla Phádraig (BA Joint Honours, French & Irish 2012) was a highly commended entrant in the Undergraduate Awards, an Irish initiative, founded by two Trinity College graduates, that identifies future pioneers and leaders during their undergraduate research. More than 2,890 submissions were received from students across Europe and North America, which 180 judges spent two months assessing.
The Undergraduate Awards aims to encourage a culture of excellence at an undergraduate level by supporting and celebrating the ideas of great, young minds.
Éabha received the commendation in the Irish language and literature category for her final year project research on the poet Nuala Ní Dhomhnaill.
The title of her research was "An tEispéireas agus an tEiseachas: mionléamh ar dhioscúrsaí an eiseachais i ndánta de chuid Nuala Ní Dhomhnaill  ‘Táimid Dámanta a Dheirféaracha" a detailed analysis of existentialist concepts and related feminist discourse in the poetry of Nuala Ní Dhomhnaill. Éabha’s supervisor was Dr. Tríona Ní Shíocháin, Rannóg na Gaeilge LLCC.
Sponsored by the Faculty of Arts, Humanities & Social Sciences and the School of Languages, Literature, Culture and Communication, Éabha also attended the Undergraduate Awards Summit in Dublin earlier this month. Students were invited to attend the three-day summit consisting of networking events, talks and hands-on workshops.