| Fáilte go EHS Is forbairt an-spéisiúil ó thaobh Ollscoil Luimnigh í Dámh an Oideachais agus na nEolaíochtaí Sláinte (OES). Bunaíodh an dámh den chéad uair in Eanáir 2008 mar chuid d'athstruchtúrú acadúil mór de chuid na hOllscoile. Tugtar le chéile anois i nDámh nua roinnt disciplíní gaolmhara, sa Roinn Léann Oideachais agus Gairmiúil, sa Roinn Chorpoideachais agus Eolaíochta Spóirt, sa Roinn Síceolaíochta, sa Roinn Altranais agus Cnáimhseachais, sa Roinn Teiripe Saothair, sa Roinn Fisiteiripe, sa Roinn Teiripe Urlabhra agus Teanga agus sa Scoil Leighis do Chéimithe.
Beidh teacht ag daoine a bhfuil suim acu sa mhúinteoireacht iarbhunoideachais, chomh maith leo sin a bhfuil suim acu dul ag obair in earnáil na sláinte, ar chuid de na cláir is forásaí sna réimsí sin agus gheobhaidh said chomh maith maoirseacht dhúthrachtach  ó bhaill na Dáimhe atá tiomanta do chaighdeáin teagaisc agus taighde den scoth.